5,000+ cóip den Fhoclóir Nua díolta agus méadú 13% ar úsáideoirí ar líne

Díoladh breis agus 5,000 cóip de The Concise English-Irish Dictionary ó cuireadh an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge ar fáil sna siopaí ag tús mhí Mheán Fómhair, agus tá “na cóipeanna ag éirí gann cheana féin” dar le Príomh-Fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn.

Chomh maith leis sin, bhí méadú mór ann ar an éileamh ar na leaganacha digiteacha de The Concise English-Irish Dictionary (foclóir.ie) agus Foclóir Gaeilge-Béarla agus English-Irish Dictionary (teanglann.ie).

Thug 2,400,000 duine cuairt ar foclóir.ie agus teanglann.ie araon i gcaitheamh na bliana 2020. Is ionann sin agus méadú 13% ón mbliain 2019 do foclóir.ie agus méadú 26% ón mbliain 2019 do teanglann.ie. Thug 560,000 duine cuairt ar téarma.ie, an bunachar téarmaíochta, méadú 17% ón mbliain seo caite.

Foilsíodh an leagan clóite den fhoclóir ag tús mhí Mheán Fómhair agus díoladh os cionn céad cóip de in aon siopa amháin laistigh de cheithre lá. 30,000 ceannfhocal atá san fhoclóir nua atá bunaithe ar foclóir.ie, an foclóir Béarla-Gaeilge ar líne a seoladh seacht mbliana ó shin. Tá togra na foclóireachta ar cheann de na tograí Gaeilge is mó agus is uaillmhianaí a rinneadh le fada fada an lá, agus os cionn 48,000 ceannfhocal ar fáil sa bhfoclóir ar líne. 

SCÉALTA EILE