5,000 greamán #LearnOnTheLoo scaipthe

Tá coiste rúnda na nGaelghreamán ar ais i mbun spraoi agus eolas faighte ag NÓS go bhfuil os cionn 100 teach tábhairne, club, pub agus scioból eile i mBÁC buailte ag lucht #LearnOnTheLoo le seachtain anuas.

D’fhógair muid go heisiach ag tús na bliana gur thosaigh Coiste na bhFocal Nua feachtas samhlaíoch ina raibh greamáin á scaipeadh i leithris i bpubanna agus i gclubanna fud fad na tíre chun daoine a chur i mbun cainte ar gach ábhar faoin spéir, an drabhlás agus an leathar san áireamh.

Os cionn 5,000 greamán atá scaipthe ag na coisteoirí cróga ó shin agus scéala ann anois go bhfuil siad in airde ar fud Pháras na Fraince chomh maith le roinnt áiteanna in Alban, rud a fhágann go bhfuil na greamáin “ag mún-adh roinnt Gaeilge i seacht dtír éagsúla agus breis is 15 contae in Éirinn”.

Chun dlús a chur leis an bhfeachtas tá Coiste na bhFocal Nua tar éis oíche mhór a eagrú i mBÁC leis an mbeart is déanaí de 10,000 greamán a scaipeadh fud fad na tíre.

Tuigtear dúinn go bhfuil an dara #LearnOnTheLoo idir camáin faoi láthair agus go bhfuil na gníomhaithe cumhdaithe ag cur fáilte arís roimh aon duine ar mhian leo cuidiú leis an fheachtas.

greamain2

Dá mba mhaith leat bheith páirteach go háitiúil, is féidir bearta de 25 nó 50 greamán a cheannach trí theagmháil a dhéanamh le coistenabhfocalnua@gmail.com.

(Ná habair go ndúirt muide libh!)

Tá 25 greamán ar fáil ar €5/£4 agus is ar chostas clóite agus postála a théann an t-airgead.

Deir an Coiste linn go gcaithfear aon bhrabús ar an gcéad fheachtas eile.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Choiste, agus a gcuid geáitsí a leanúint, ar @coistenabhfocalnua


Is iomaí áit ó cheann ceann na tíre ina bhfuil na greamáin feicthe ag foireann NÓS agus tá muid ag impí ar léitheoirí scéala a chur chugainn má thagann sibh orthu i bhur gceantair féin.

SCÉALTA EILE