5,600+ síniú faighte ag achainí ar son na Coirnise


Tá achainí a chuireann in éadan chinneadh Rialtas na Breataine deireadh a chur le maoiniú don Choirnis tar éis breis agus 5,600 síniú a bhaint amach.

Sa bhliain 2003 tugadh aitheantas don teanga mhionlaithe Cheilteach faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus ó shin i leith tá Westminster ag cur £150,000 ar fáil don teanga ar bhonn bliantúil.

D’fhógair Rialtas Coimeádach David Cameron ag deireadh Aibreáin áfach nach leanfaí leis an mhaoiniú a thuilleadh agus chuir siad deireadh leis láithreach bonn.

Tá an cinneadh cáinte go géar ag páirtí náisiúnta Chorn na Breataine, Mebyon Kernow, agus ag ceannaire na nDaonlathaithe Liobrálacha, Tim Farron, a dúirt go raibh “feall” déanta ag an Rialtas ar mhuintir an Choirn.

Mar chuid den fheachtas i gcoinne chinneadh na gCoimeádach tá achainí oifigiúil tosaithe ag an Dr Jon Mills ó Ollscoil Kent a bhfuil níos mó ná 5,600 síniú faighte aige go dtí seo.

Is éacht ann féin é seo nuair a smaoinítear nár luaigh ach 557 duine i nDaonáireamh 2011 gurbh í Coirnis a bpríomhtheanga agus go meastar go bhfuil cúpla míle san iomlán atá in ann comhrá bunúsach a dhéanamh trí mheán na teanga.

Rachaidh an achainí ar aghaidh go Deireadh Fómhair 2016 agus má bhaintear 10,000 síniú amach beidh ar Rialtas na Breataine freagra a thabhairt ar a h-éileamh go gcuirfear an maoiniú ar fáil arís.

Tá dúshlán mór roimh an Choirnis ach tá gníomhaithe cultúir agus teanga sa Chorn ag súil go gcuirfidh an feachtas is déanaí seo a dteanga i mbéal an phobail áitiúil arís agus go meallfaidh sé tuilleadh daoine ina treo.

Is féidir an achainí a léamh anseo agus tá learncornishnow.com ina bhunphointe maith d’aon duine ar suim leo cuid den teanga a fhoghlaim.

SCÉALTA EILE