Deirtear go bhfuil níos mó Gaeilge á scríobh anois, mar gheall ar an idirlíon, ná ag aon am eile i stair ár dteanga.
Bíonn na mílte againn ag scríobh ar Facebook, ar Twitter agus ar shuíomhanna eile ar bhonn laethúil, ach an mbíonn an méid a scríobhann muid cruinn i gcónaí?
D’iarr NÓS ar an eagras Gaelchultúr, a chuireann cúrsaí agus acmhainní foghlama teanga ar fáil, liosta a chur le chéile de na meancóga gramadaí is coitianta i scríobh na Gaeilge.
Agus seo thíos iad.
An ndéanann tusa aon cheann de na botúin seo nó an bhfuil aon cheann eile agat?
MÍCHEART: Bhí sé ag bualadh mé.
CEART: Bhí sé do mo bhualadh.
Ní féidir le forainm (mé, tú, sé, sí srl.) a bheith mar chuspóir ag ainm briathartha.
MÍCHEART: Theip mé sna scrúdaithe.
CEART: Theip orm sna scrúduithe
Ní mór an forainm réamhfhoclach ar a úsáid le teip.
Agus scrúduithe seachas scrúdaithe an uimhir iolra atá ag scrúdú.
MÍCHEART: Bhí an cheist pléite ag an gcoiste aréir.
CEART: Phléigh an coiste an cheist aréir.
Tá rian an Bhéarla ar struchtúr na habairte seo.
Ba cheart foirm chaite an bhriathair pléigh a úsáid seachas an aidiacht bhriathartha (past participle).
MÍCHEART: Tá sí pósta le beirt pháistí.
CEART: Tá sí pósta agus tá beirt pháistí aici.
Seo tionchar an Bhéarla arís, i.e. married with two children.
MÍCHEART: Féachann na fuinneoga tosaigh amach ar an trá.
CEART: Tá an trá le feiceáil ó na fuinneoga tosaigh.
Is fearr gan gníomh a lua le rud éigin neamhbheo.
MÍCHEART: Bhí mé ag caint léi roimh na Nollag.
CEART: Bhí mé ag caint léi roimh an Nollaig.
Ní chuirtear ainmfhocail sa tuiseal ginideach i ndiaidh roimh. Tá sé de nós ag daoine é sin a dhéanamh sa chaint ach níl sé caighdeánach.
Má tá fonn ort feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, bíonn réimse cúrsaí á reáchtáil ag Gaelchultúr le linn na bliana.
Faoi láthair tá dianchúrsa i gcruinneas na teanga ar siúl acu i mBÁC agus i mBF.
Tuilleadh sonraí le fáil ar gaelchultur.com