Pléann Ailean Breac Stíobhard feachtas an Dream Dearg agus molann sé gur chóir dóibh cur lena straitéis chun roinnt éileamh níos lú a bhaint amach sa tréimhse amach romhainn…
Bhí bliain mhór ag an Dream Dearg, an grúpa feachtasaíochta atá ag agóidíocht ar son Acht Gaeilge do na Sé Chontae, le linn 2017.
Baineadh meas amach, baineadh clúdach sna meáin amach agus, thar aon rud eile, baineadh tionchar polaitiúil amach ar bhealach nár tharla roimhe ó thuaidh.
Ach níor baineadh aon reachtaíocht teanga amach i ndeireadh na dála – an chúis gurb ann don Dream Dearg.
Agus is dócha nach mbainfear.
Níor tháinig aon mhaolú ar sheasamh na n-aontachtach i gcoinne Acht Gaeilge – i ndáiríre is a mhalairt atá fíor agus na meáin aontachtacha ag rabhadh dá gcuid polaiteoirí gan géilleadh ar an cheist in aon chor.
Ar an chritéir áirithe sin, níor éirigh leis an Dream Dearg go dtí seo, cé gur mheall siad aird nach raibh ag Gaeil an tuaiscirt riamh.
Ach an féidir leis na Deargóirí an sprioc mhór seo a bhaint amach in 2018?
Is léir go bhfuil dream díograiseach éifeachtach curtha le chéile, dream ar féidir leo fíorchearta a bhaint amach ó thuaidh.
Chun sin a dhéanamh, áfach, is dóigh liom go mbeidh orthu díriú isteach ar na rudaí is tábhachtaí – is é sin le rá fócasú ar na rudaí is suntasaí le cur san áireamh in aon reachtaíocht cearta teanga agus iad a bhaint amach ina cheann agus ina cheann.
“Acht Gaeilge Anois!”
Mana simplí, mana éifeachtach ach mana atá ann a bhíonn lucht tacaíochta na Gaeilge ag streachailt a mhíniú.
Agus mana atá éasca do lucht cáinte an Achta cur ina choinne.
Má bhíonn ort é a mhíniú, tá sé ag cailleadh.
Caithfear ‘an cogadh cultúrtha’ a bhuachan cath i ndiaidh catha, argóint i ndiaidh argóna, pointe beag ar phointe beag.
Coincheap teibí é Acht na Gaeilge don mhórphobal – caithfear é a dhéanamh fíor agus praiticiúil.
Is é mo mholadh ná argóint shimplithe shoiléir a leagan amach, sé éileamh ghonta réasúnta.
Sé éileamh is féidir a fhoghlaim de ghlanmheabhair.
Sé éileamh is féidir a chur i ngiolc amháin.
Sé éileamh is féidir a chur ar phóstaer amháin.
Sé éileamh ar féidir le duine argóint láidir a dhéanamh ar a son, agus a bheadh deacair a chur ina gcoinne.
Agus sé éileamh a bheith inbhainte amach sa ghearrthréimhse.
Cad iad na sé éileamh sin?
Is ábhar plé é sin don Dearg Dearg agus don phobal trí chéile, ach seo iarracht.
1. Go mbeadh oideachas trí mheán na Gaeilge ina cheart.
Ar ndóigh, dhéanfadh aontachtóirí argóint láidir ina choinne seo ach tá seans ann go nglacfadh an mórphobal leis.
Tá argóint déanta ag aontachtóirí cheana nach bhfuil éileamh ann don Ghaeloideas ach mura bhfuil, cén fáth a mbeadh eagla orthu roimhe?
Chomh maith leis sin, bheadh ar aontachtóirí a leagan amach go soiléir cén fáth nach gcreideann siad nár chóir go mbeadh a leithéid ann – iad siúd a bheadh ag míniú.
Glacann sé an t-airgead céanna páistí a theagasc trí Ghaeilge is a ghlacann sé trí Bhéarla – mar sin, seachas costais thaistil, cén mórchostas a bheadh ann?
2. Go mbeadh an rogha ag gach páiste Gaeilge a fhoghlaim.
Deacair nó dodhéanta a chur i bhfeidhm, ach deacair argóint ina choinne chomh maith.
Tá sé doiligh do dhuine ar bith argóint i gcoinne ‘rogha’.
Thiocfadh le múinteoirí taistil freastal ar an éileamh, dá mbainfí an ceart amach ar ndóigh.
3. Go mbainfí ar shiúil aon chosc ar an Ghaeilge sna cúirteanna.
Chan ionann seo agus ceart a dhéanamh as an Ghaeilge a labhairt sna cúirteanna ach osclaíonn sé an doras sin agus tá sé seo inbhainte amach sa ghearrthréimhse taobh amuigh d’aon acht.
Cén dóigh ar féidir le rialtas na Breataine cur ina choinne?
Cé atá dul argóint a chur chun tosaigh ar son an Phéindlí dheiridh?
4. Go mbainfear aon chosc ar chomharthaíocht Ghaeilge agus go gcrochfar comharthaí poiblí, sráide, bóthair aon áit (sráid nó baile fearainn nó comhairle ceantair srl) a bhfuil mhórchuid an phobail ar a son.
Arís, tá muid ag caint ar dhaonlathas, ar rogha agus ar chomhmheas cultúrtha.
Tá faitíos ar aontachtaithe roimh chomharthaíocht thar aon rud eile agus dhéanfaí argóintí ina choinne.
Mar sin féin, níl i gceist anseo ach daonlathas áitiúil.
5. Go ndéanfaí lucht na Gaeilge a aithint faoi Alt 75 d’Acht Thuaisceart Éireann agus mar sin de go mbeadh sé mídhleathach leithcheal a dhéanamh ar dhuine ar bith de bharr riachtanais nó rogha teanga.
Tá muid ag caint anseo faoi chothrom na Féinne – níor mhaith leis an bhunaíocht go mbeadh an chuma orthu go raibh siad ag cur ina choinne sin.
Agus cén baol dóibh muna bhfuil ann ach cothrom na Féinne do mhionlach?
6. Go gcuirfí le craolachán trí mheán na Gaeilge chun cothrom a bhaint amach le cúrsaí craolacháin in Albain.
Tá stáisiún teilifíse agus stáisiún raidió ag Gaeil na hAlban, le cúrsaí reatha san áireamh – bundifríocht idir sin agus cúrsaí craolacháin sna Sé Chontae.
Ábhar forchoimeádta in Westminister é cúrsaí craolacháin ach arís seo athrú atá inbhainte amach.
Fiú dá mba rud é go mbainfí gach éileamh amach, ní féidir le héinne a mhaíomh gurbh ionann agus Acht Gaeilge bunaithe ar chearta.
Ach tá siad inbhainte amach gan aon Acht agus thiocfadh leis an Dream Dearg an móiminteam atá cruthaithe acu a choinneáil ag imeacht.
I ndáiríre, dá mbainfí na héilimh seo thuas amach b’ionann sin agus stát tuaisceart a bheadh neodrach ó thaobh na Gaeilge de, ní ina héadan.
Is céim ollmhór chun tosaigh a bheadh ann sin.