Chláraigh breis agus 6,700 duine don chúrsa nua Gàidhlig a seoladh ar an aip foghlama teanga inné. Bhí ríméad ar mhuintir na hAlban agus ar dhaoine de shliocht na hAlban ar fud an domhain inné nuair a tháinig sé chun solais ar na meáin shóisialta go raibh an cúrsa Gàidhlig — nach rabhthas ag súil leis go dtí an bhliain seo chugainn — ar fáil.
Bhí fanacht fhada orthu siúd a bhí ag iarraidh cúrsa Gàidhlig ar Duolingo, an aip foghlama teanga is mó ar domhan, agus bhí feachtas mór ar siúl le blianta anuas an cúrsa a chur ar fáil. Cé gur luaigh grúpaí agus daoine aonair blianta ó shin é, glactar leis go forleathan gurbh iad lucht an chuntais Gàidhlig @TheDailyGael a chur an brú mór ar Duolingo an cúrsa a chruthú.
“Is é Duolingo an aip teanga is mó ar domhan. Is acmhainn ar leith atá ann a thabharfaidh an chéad bhlaiseadh den teanga do dhaoine a bhfuil suim acu inti, agus dóibhsean atá ag iarraidh a scileanna teanga a thabhairt chun cinn. Cé gur dócha nach dtabharfaidh Duolingo féin líofacht teanga do dhuine, is dea-thosú a bheadh ann dóibhsean atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim.
“Tá a fhios againn go bhfuil suim mhór ag go leor daoine in Albain agus ar fud an domhain an Ghàidhlig a fhoghlaim, go háirithe de bharr cláracha ina gcluintear an Ghàidhlig, ar nós Outlander. Tá muid ag iarraidh é sin a dhéanamh níos éasca do dhaoine agus níos mó daoine a tharraingt isteach i saol na Gàidhlig,” a dúirt duine de lucht an fheachtais le NÓS in earrach na bliana seo.
Fógraíodh i lár an tsamhraidh go raibh an cúrsa á réiteach agus go rabhthas ag súil go mbeadh sé ar fáil do ghnáthúsáideoirí Duolingo faoin samhradh seo chugainn, ach thángthas aniar aduaidh ar lucht úsáide na haipe inné nuair a cuireadh an cúrsa ar fáil tráthnóna aréir.
Tá an-tóir go deo i measc lucht labhartha na Gaeilge ar an gcúrsa nua freisin, mar is léir ó Twitter na nGael!
D'éirigh liom an tástáil a chríochnú agus 29% líofa* sa Ghàidhlig
— Juan (@Beachtaire) November 26, 2019
*fíric eolaíochta pic.twitter.com/1k3cSM8RA5
Éinne amuigh ansin nach bhfuil Gaeilge na hAlban agaibh an bhféadfadh sibh an scrúdú ar Duolingo a dhéanamh feiscint cén caighdeán atá agaibh? Ní ghlacann sé ach 5 nóiméad. Bheadh suim agam feiscint cé chomh maith is a d'éireodh libh!
— Eoin P. Ó Murchú (@murchadhmor) November 26, 2019
There's someone on the #duolingo #gàidhlig panel who is fed up with people mis-spelling Steòrnabhagh.
— Alan Johnston (@AlanMacSeain) November 26, 2019
This has appeared twice so far: pic.twitter.com/okrGlZw3a2
tha seo sgoinneil 😍 #Duolingo #Gadhlaig pic.twitter.com/xRUjGiu8rv
— Caoiṁe Ní Ċaṫail (@CaoimheChats) November 26, 2019