Ba mhaith le 61% de na 893 Baile Átha Cliathach a ghlac páirt i suirbhé a rinneadh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath níos mó Gaeilge a úsáid san ardchathair. Ba mhó an spéis fós a bhí ag daoine idir 18-34 bliana d’aois an teanga a úsáid níos minice i mBaile Átha Cliath – 75%.
Thug 28% d’fhreagróirí uile an tsuirbhé le fios go gcabhródh ranganna Gaeilge leo níos mó Gaeilge a úsáid agus dúirt 23% go gcabhródh tuilleadh comharthaíochta i nGaeilge in ionaid éagsúla leo an sprioc chéanna a bhaint amach. Chabhródh sé le 19% de mhuintir Bhaile Átha Cliath príomhtheanga na tíre a úsáid sa chathair dá mba rud é go raibh sí in úsáid ag oibrithe i siopaí agus ar an gcóras iompair poiblí.
Ba mhaith le 68% níos mó Gaeilge a fheiceáil i mBaile Átha Cliath, agus arís bhí an céatadán níos airde i measc daoine atá idir 18-34 bliana d’aois – chomh hard le 82%. Ba mhaith le 41% níos mó Gaeilge a fheiceáil ar chomharthaí sráide agus os cionn siopaí, ba mhaith le 18% an Ghaeilge a fheiceáil go sonrach i mbialanna agus i gcaiféanna, agus ba mhaith le 11% níos mó Gaeilge a fheiceáil ‘go ginearálta’ timpeall na cathrach.
D’aontaigh 74% d’fheagróirí an tsuirbhé gur “ceart go mbeadh níos mó deiseanna ann an Ghaeilge a fhoghlaim” i mBaile Átha Cliath, d’aontaigh 63% leis an ráiteas gur “ceart go mbeadh níos mó comharthaí dátheangacha” sa chathair, agus d’aontaigh 58% gur “ceart go mbeadh níos mó seirbhísí Gaeilge” ann.
Níor shíl ach 19% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé nach raibh “aon luach eacnamaíoch” sa Ghaeilge agus shíl níos lú fós, 11%, gur “cur amú ama é an Ghaeilge a chur chun cinn” i mBaile Átha Cliath.
Nuair a fiafraíodh de na freagróirí cé na bealaí is fearr a d’fhéadfadh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tacú le cainteoirí Gaeilge sa chathair, moladh go gcuirfí tacaíocht ar fáil do níos mó imeachtaí agus clubanna Gaeilge, agus go gcrochfaí comharthaíocht dhátheangach san ardchathair.
Thug 15% de na freagróirí le fios go labhraítí an Ghaeilge sa teach agus iad ag fás aníos, ach níor thug ach 0.3% acu gurbh í an Ghaeilge an t-aon teanga amháin a bhí sa bhaile. Dúirt 0.2% go raibh an dá theanga sa teach, ach go raibh an lámh in uachtar ag an nGaeilge, dúirt 1.4% go raibh an méid céanna Gaeilge agus Béarla á labhairt sa teach, agus dúirt 12% go raibh an dá theanga sa teach, ach go raibh an lámh in uachtar ag an mBéarla.
Cainteoirí dúchais nó cainteoirí líofa Gaeilge a bhí in 5% de na freagróirí agus ‘tosaitheoir/foghlaimeoir’ a bhí in 46%. Thug 21% le fios nach raibh focal Gaeilge acu agus thug 27% le fios go mbeidís in ann comhrá a dhéanamh i nGaeilge.
Éireannaigh den chuid is mó a bhí sna daoine a thug le fios go raibh Gaeilge éigin acu, ach mar sin féin thug 20% de na freagróirí nár Éireannaigh iad go raibh leibhéal áirithe Gaeilge acu.
Thug 24% le fios gur thuig siad an Ghaeilge go maith agus 13% go raibh scileanna maithe scríofa acu sa Ghaeilge. Ba iad na mná agus na daoine óga ba mhó a thug le fios go raibh scileanna maithe teanga acu. Bhí ‘an-spéis’ ag 23% de na freagróirí i ndeiseanna a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus ba iad na cainteoirí cumasacha nó na cainteoirí a raibh scileanna comhrá acu ba mhó a léirigh an spéis sin.
Labhraíonn 8% de mhuintir na cathrach an Ghaeilge gach lá, de réir an tsuirbhé, agus 12% acu gach seachtain. Thug 46% le fios go labhraíonn siad níos annaimhe ná sin í, agus dúirt 34% nach labhraíonn siad ar chor ar bith í. Sa teach is mó a labhraíonn cainteoirí Gaeilge Bhaile Átha Cliath an teanga agus leis an tseirbhís sláinte is lú. Is iad na daoine is 35-49 bliana d’aois is mó a labhraíonn an Ghaeilge sa bhaile agus daoine idir 18-34 agus os cionn 65 bliana d’aois a labhraíonn lena gcairde í. Úsáideann níos mó daoine idir 18-34 bliana d’aois an Ghaeilge ar líne ná aoisghrúpa ar bith eile.
Is féidir torthaí iomlána an tsuirbhé a léamh anseo.