Achrann in Albain faoi ainm Gàidhlig a ‘ghoid’ grúpa neamhspleáchais

Bhí sé ina rí-rá ar Twitter na nGael in Albain ag an deireadh seachtaine mar gheall ar fheachtas ‘nua’ a bhunaigh an grúpa ‘All Under One Banner’ darbh ainm ‘Yes Alba’. Gníomhaithe ar son neamhspleáchas na hAlban agus Feisire Parlaiminte de chuid an SNP a bhunaigh an eagraíocht nua seo agus an sprioc acu grúpaí agus daoine aonair atá ar son an neamhspleáchais a tharraingt le chéile in aon ghrúpa amháin. 

Cáineadh an grúpa go láidir ar na meáin shóisialta agus ar fhoilseacháin éagsúla i gcaitheamh an deireadh seachtaine, áfach, toisc gur ‘goideadh’ an t-ainm ó ghrúpa cainteoirí Gàidhlig a bhunaigh ‘Yes Alba’ eile seacht mbliana ó shin, sular reáchtáladh an reifreann neamhspleáchais in Albain. 

Grúpa Gàidhlig do chainteoirí Gàidhlig ar fud na hAlban agus thar a bhí in Yes Alba, a cláraíodh ar Twitter in 2013. Bhí an grúpa thar a bheith gníomhach le linn an fheachtas an reifrinn in 2014, agus ba iad a chruthaigh agus a scaip go leor den ábhar poiblíochta i nGàidhlig a scaipeadh lena linn – an mana aitheanta ‘Bu Chòir’ ina measc. 

Tá os cionn 31,000 leantóir ar Facebook ag an ngrúpa a bunaíodh roimh an reifreann agus tá baill an ghrúpa oibrithe gur “ghoid” All Under One Banner ainm na heagraíochta dá ngrúpa nua, nach bhfuil aon bhaint aige le cainteoirí Gàidhlig. 

Nuair a cuireadh ar a súile don eagraíocht nua go raibh an t-ainm in úsáid cheana féin ag grúpa eile, dhiúltaigh siad glan ainm a ngrúpa féin a athrú agus bhí sé ina raic ar Twitter idir cainteoirí Gàidhlig agus baill an ghrúpa nua. 

Níl aon bhaint ag bunaitheoirí Yes Alba (2014) leis an ngrúpa nua seo agus maíonn lucht a cháinte nach bhfuil san ainm leathGhàidhlig ach siombalachas ar an gceann is fearr agus “impiriúlachas cultúir” ar an gceann is measa. 

https://twitter.com/robbieamacleod/status/1334830367853961216

Agus iad ag cosaint úsáid an ainm, mhaígh All Under One Banner, trína gcuntas oifigiúil Twitter, nach bhfuil seilbh ag cainteoirí Gàidhlig ar fhocail Ghàidhlig, ráiteas a chuir gaimh ar go leor Gael in Albain leo. 

Maíonn an Yes Alba nua (2020) nach bhfuil ainm an ghrúpa greanta i gcloch go fóill agus go mbeifear á phlé ag cruinniú sula seolfar an feachtas nua go hoifigiúil ag tús na bliana seo chugainn.

SCÉALTA EILE