Is i gcroÃlár na sochaà atá bia agus béilte ar fud na cruinne.
Úsáideann muid béilte le smaointe a roinnt, cúrsaà a phlé, caidrimh a chruthú agus a neartú, grá a thaispeáint agus an saol a cheiliúradh.
An sampla is fearr dá bhfaca mé go dtà seo den eispéireas iomlán saoil seo ná traidisiún na ‘Dinars Populars’ sa Chatalóin agus a leithéid chéanna – na cumann ghastranamaÃochta – i dTÃr na mBascach.
Is minic a d’ith mé béile le comrádaithe i lár plaça éigin agus muid ag caitheamh cúpla uair a’ chloig ag caint, ag roinnt bia, ag ól agus ag cruthú caidrimh.
Mar gheal ar an bhéim a chuireann an eite chlé ar phobal agus ar chomhoibriú, bhain sé le ciall go mbeadh an cultúr seo á chur chun cinn acu.
Is gnáthrud é ag grúpaà pobail nó polaitiúla Catalónacha nó Bascacha teacht le chéile, an bia a dhéanamh le chéile, a ithe le chéile agus ansin gach rud a ghlanadh le chéile.
Tógáil pobail atá i gceist.
In Euskal Herria, tá nós acu cumann gastranamaÃochta nó ‘txoko‘ (cúinne/áit bheag teolaÃ) a bhunadh leis an saol sóisialta a fhorbairt i measc mhuintir na háite.
Tagann daoine le chéile, lena n-airgead féin, chun áit bhuan a fháil agus eagraÃonn na baill béilte rialta ann.
Tá athbheochan na Gaeilge anseo in Éirinn i ndiaidh an GhaelscolaÃocht, meáin chumarsáide agus cultúr na teanga trà chéile a neartú sna hIar-GhaeltachtaÃ, ach tá spásanna sóisialta go fóill in easnamh.
Go deimhin sna Gaeltachtaà féin is minic a bhÃonn spásanna sóisialta de dhÃth ar an phobal chomh maith.
Nà mór dúinn deiseanna breise a chruthú inar féidir linn labhairt, roinnt agus comhoibriú mar phobal.
Tá an Cabaret Craiceáilte, an Gspota, Club Fonn, ReRá agus eile ag soláthar spásanna sóisialta dúinn go rialta ach caithfear a thuilleadh a chruthú i gcónaÃ.
Le roinnt seachtainà anuas, tá dream Gael óg atá go fóill ar scoil ag teacht le chéile gach Domhnach i mBéal Feirste chun cócaireacht, comhrá agus turgnamh a dhéanamh trà mheán na Gaeilge.
Déanann siad bia, itheann siad é, insÃonn siad scéaltaÃ, pléann siad smaointe, bÃonn siad beo.
Agus nach sin an sprioc atá againn mar phobal? Le bheith beo i nGaeilge.
ImpÃm oraibh leanúint leis an choincheap seo.
Eagraigh lón pobail i do cheantair, glac daoine le chéile agus cruthaigh an t-éispeireas tábhachtach sin; comhoibriú, comh-mhothú, comhspleáchas, comhrá, ‘comh‘-caireacht!