Ag tweetáil i gcéin…
Tionscnamh ar siúl an tseachtain seo

An bhfuil cónaí ort taobh amuigh d’Éirinn?

An bhfuil tú ar Twitter?

An bhfuil tú in ann seo a thuiscint?

Tá?

Bhuel tá tusa de dhíth idir 22-26 Eanáir!

Don dara bliain as a chéile tá an togra Trasna na dTonnta ag iarraidh ar chainteoirí Gaeilge thar sáile a spreagadh leis an teanga a úsáid ar Twitter.

Anuraidh seoladh breis is 3,600 tweet leis an haischlib #TrasnaNadTonnta le linn na seachtaine agus táthar ag iarraidh tógáil air sin i mbliana trí ‘Ambassadóirí’ a roghnú le tweetanna a chur amach leis an haischlib.

Is féidir le hAmbasadóirí clárú anseo faoin Luan 22 Eanáir agus beidh dearbhán €100 ag dul don Ambassadóir is fearr – mar sin ar aghaidh libh!

Thunderclap beartaithe don Luan chomh maith agus is féidir an chraic ar fad a leanúint ar Twitter anseo.