Eagraíodh agóid i mBangor na Breataine Bige aréir i gcoinne an mhargaidh pholaitiúil atá á phlé ag an Pháirtí Coimeádach i Londain leis an DUP.
‘Dymchwel y DUP! / Down with the DUP deal!’ a tugadh ar an imeacht agus bhí an Bhreatnais le cloisteáil go soiléir i measc an tslua de bhreis agus 100 duine a bhí i láthair.
Ón ardán labhair ionadaithe ón phobal LADT, ó theifigh, ó eagrais na mban agus ó phobal na Gaeilge faoin pháirtí docht Aontachtach a gcuirtear leithcheal i gcoinne na ngrúpaí sin ina leith go minic.
Ba é Pádraig Ó Fearghail (thíos), ball de chuid an ghrúpa Misneach, a labhair faoi sheasamh an DUP in éadan na Gaeilge agus a cuid cainteoirí ó thuaidh.
Ar na heagrais is mó thall atá ag tarraingt airde ar thuairimí diúltacha an DUP i leith na Gaeilge tá an t-eagras Breatnaise, Cymdeithas yr Iaith Gymraeg.
“Tá an DUP chomh deighilteach conspóideach sin go gcuireann siad cuma liobrálach fiú ar na Coimeádaigh,” arsa Aaron Wynne a bhí i láthair ag an agóid ar son Cymdeithas.
In Olltoghchán na Breataine ag tús na míosa theip ar an Pháirtí Coimeádach móramh iomlán a fháil i dTeach na dTeachtaí i Westminster agus tá siad anois i mbun cainteanna leis an DUP chun rialtas a bhunú.
Tá an DUP i mbéal an phobail i Sasana, Alba agus Cymru ó shin agus idir iontas agus alltacht ar dhaoine faoi sheasamh an pháirtí ar go leor ceisteanna sóisialta.
Tá diongbháilteacht na nAontachtóirí i gcoinne cearta teanga do phobal na Gaeilge luaite anseo agus ansiúd i measc na gceisteanna sin sna meáin thall.