Ainm Fucking na hOstaire le hathrú go Fugging mar gheall ar chosúlacht le heascaine Béarla

Ní ‘Fucking’ ach ‘Fugging’ a thabharfar ar an mbaile beag in Ostair a bhíonn go minic ar liostaí Béarla de na logainmneacha ‘is greannmhaire’ ar domhan ón 1 Eanáir 2021.

Tá cáil idirnáisiúnta ar Fucking, atá lonnaithe in Oberösterreich, mar gheall ar an logainm a litrítear díreach mar a chéile le heascaine mór Béarla. Níl ach thart ar 100 duine ina gcónaí sa bhaile beag, agus is mór an crá croí a bhí orthu le tamall de bhlianta anuas agus Béarlóirí ag goideadh na gcomharthaí bóthair timpeall an bhaile.

‘Fugging’ a thabharfar ar an mbaile feasta tar éis do mhuintir Fucking go leor iarrachtaí a dhéanamh ainm a mbaile a athrú i gcaitheamh na mblianta. Ábhar díospóireachta a bhí san athrú ainm agus cuid de mhuintir na háite den tuairim gur buntáiste a bhí sa logainm ó thaobh na turasóireachta de, agus daoine eile ar an mbaile bréan den scigmhagadh síoraí.

Tuairiscíodh ar an stáisiún OE24 tráthnóna go ndearnadh an cinneadh ag cruinniú de chuid na comhairle áitiúla an logainm a athrú go hoifigiúil ar an gcéad lá den bhliain 2021. Crochfar comharthaí nua de réir a chéile i gcaitheamh na míonna atá amach romhainn.