Cuireann sé iontas orm i gcónaí an dóigh ar féidir leat scil a thabhairt leat nuair a dhíríonn tú tú féin go huile is go hiomlán ar a sealbhú. Teanga nó scil eile, má chaitheann tú do do dhóthain ama ina bhun, ní féidir ach dul i bhfeabhas. Anois, ní mé ag maíomh go bhfuil feabhas as cuimse tagtha ar mo chuid Gaeilge le cúig lá anuas, ach airím go bhfuilim ag feabhsú.
Ar a laghad ar bith, tá bunús láidir curtha faoi mo chuid Gaeilge tar éis cúig uair an chloig in aghaidh an lae a chaitheamh á foghlaim, agus is féidir liom bogadh ar aghaidh leis an teanga anois. Cé gur fhoghlaim mé formhór na rudaí a rinne muid sna ranganna roimhe seo, ar nós na n-aimsirí, na briathra neamhrialta, agus na huimhreacha, ba mhór an chabhair iad uilig a dhéanamh in éindí.
Tá an t-ádh dearg orm go bhfuil teacht agam ar rang Gaeilge in Hamburg, ach bíonn sé deacair an dul chun cinn a aithint nuair nach mbíonn agat ach rang amháin in aghaidh na seachtaine. Tá sé go hiomlán difriúil nuair a bhíonn 25 uair an chloig de ranganna agat i gcúig lá.
An áit is mó a bhfeicim an difríocht i mo chuid Gaeilge ó tháinig mé anseo ná an tuiscint. Aithním i bhfad níos mó focal agus mé ag éisteacht le daoine sna hardranganna ag caint, agus airím nach bhfuil le déanamh agam ach an stór focal atá ar snámh i m’intinn a chreathadh le go mbeidh mé in ann labhairt.
Airímse an fhoghlaim teanga i mo phutóga. San am a caitheadh, d’airigh mé i gcónaí go mbíodh bac fisiciúil orm díreach sula ndéanainn dul chun cinn. Shílfeá go bhfuil balla le dreapadh i mo chloigeann féin. Airím go bhfuil an balla sin romham anois leis an nGaeilge, agus tá dóchas agam mar sin go bhfuil dul chun cinn le déanamh, go mbeidh mé in ann níos mó a labhairt, agus go mb’fhéidir go n-éireoidh mé as freagraí a thabhairt i nGearmáinis.
Cé gur bhreá liom dul chun cinn i bhfad níos sciobtha a dhéanamh, ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin mura n-aistrím chun na Gaeltachta agus mura labhraím tada ach Gaeilge ar feadh bliana nó mar sin. Bogfaidh mé céim ar chéim don am i láthair agus feicfidh mé cén dóigh a n-éireoidh liom go dtí go dtosóidh mo rang arís sa bhaile i mí Mheán Fómhair.
Is maith an rud fios a bheith agam go bhfuil daoine ó gach cearn den domhan a bhfuil an spéis chéanna acu i bhfoghlaim na Gaeilge agus atá ag bogadh sa treo céanna liom. Ní féidir mórán a dhéanamh gan pobal, agus síneann an pobal seo timpeall na cruinne. Agus murar spreagadh é sin dom leanúint orm ag foghlaim, níl a fhios agam céard a spreagfadh duine.