Céard is Brexit ann, seachas “the mother of all messes,” mar a thug clúdach The Economist air? Bhuel, is portmanteau é. Céard is portmanteau ann? Is focal é atá déanta as cuid de dhá fhocal. Brunch, mar shampla, a bhfuil breakfast agus lunch brúite le chéile ann. Cumadh brunch den chéad uair i Londain sa bhliain 1896, dála an scéil. Nó smog, a tháinig ar an saol san áit chéanna naoi mbliana níos déanaí.
Lewis Carroll a chum an téarma portmanteau agus lig sé do Humpty Dumpty é a mhíniú dúinn in Through the Looking-Glass. Deir Humpty le Alice gur tháinig slithy ó slimy agus lithe, agus gur tháinig mimsy ó miserable agus flimsy. “An bhfeiceann tú go bhfuil sé cosúil le portmanteau, le dhá chiall pacáilte isteach i bhfocal amháin?”
Ag an bpointe seo, ní mór an cheist a cuireadh thuas a chur arís. Céard is portmanteau ann? Ní hansa. Seanainm ar an gcás is ea é, an cás a gcuirtear éadaí ann roimh dhul ag taisteal.
An bhfuil focail mar sin againn sa Ghaeilge? Tá!
jail + Gaeltacht = Jailtacht
Cuir ‘praiseach’ agus ‘aistriúchán’ le chéile agus tá ainm againn ar an rud a dhéanann Google Translate: ‘praistriúchán’. Níl ach ‘Brexit’ ag na Sasanaigh, ach tá dhá leagan de againne, ‘Breatimeacht’ agus ‘Sasamach’.
Portmanteau eile atá againn le tamall anuas ná ‘Amachaigí!’ Measc an dobhriathar ‘amach’ le briathar ar nós ‘téigí’ nó ‘imigí’ agus voilà, tá focal amháin agat a chiallaíonn ‘out you go!’
Tá focal an-chosúil leis sin ag na hAlbanaigh, mar atá “Thallaibh!” An dá chuid atá ann ná an focal “thall”, atá againn freisin, móide an foirceann -(a)ibh, a úsáidtear sa Ghàidhlig leis an ordaitheach iolra a dhéanamh. “Gread libh!” an chiall atá leis.
Cé gurbh é Lewis Carroll a dhírigh aird an domhain ar an portmanteau agus a spreag a lán lán cumadóireachta ina dhiaidh sin, bhí blas den ealaín sin in Sanas Cormaic, foclóir sanasaíochta a thosaigh Cormac mac Cuileannáin níos mó ná míle bliain ó shin.
Mar shampla, tá iontráil sa leabhar sin ar ‘fual’. An ó ‘bual’, focal a chiallaíonn ‘uisce’ a tháinig sé? Nó an ó ‘fuil, ar a dhath’ dó? Nó b’fhéidir gur tháinig sé ó ‘bual’ agus ‘fuil’ le chéile? (An fhírinne, áfach, nár tháinig “fual” ó cheachtar acu, ach is cuma faoi sin!).