An Afracáinis: teanga bhán?

Tá íomhá dhiúltach ag an Afracáinis i súile go leor daoine ar fud an domhain, í ceangailte go deo le tréimhse na cinedheighilte san Afraic Theas. Ach ní sin iomlán an scéil, mar a mhíníonn Colin Ryan


Thosaigh an Afracáinis ag scaradh leis an Ollainnis san 18ú haois, ach níor bhain sí lánstádas oifigiúil amach go dtí an 20ú haois.

San aois sin d’fhág dúire agus foréigean bheartas an Apartheid smál uirthi agus í mar theanga dhúchais ag baicle náisiúnaithe a raibh rún acu na gormáin a choinneáil faoi chois san Afraic Theas.

Theip ar an Apartheid de bharr dhásacht an phobail ghoirm agus déine na smachtbhannaí, ach is minic nach dtuigtear fós gur teanga í an Afracáinis a bhí á labhairt riamh ag pobal mór neamhbhán – na Bruinmense (‘Coloureds’), dream de shliocht an-mheasctha.

Iadsan is túisce fiú a bhain feidhm as an an ainm ‘Afrikaner’.

San Afraic Theas tá timpeall seacht milliún cainteoirí Afracáinise, agus is iomaí duine a labhraíonn í i bPoblacht na Namaibe (atá sa chríoch ag an Afraic Theas) mar an dara teanga.

Is teanga oifigiúil í san Afraic Theas agus í ar chomhchéim le Béarla agus le naoi dteanga Afracacha eile.

Tá brú ann ón mBéarla: fiú sa bhliain 1976 d’éirigh daltaí gorma meánscoile amach in Soweto mar agóid i gcoinne úsáid na hAfracáinise mar theanga theagaisc in áit an Bhéarla.

Ach b’agóid pholaitiúil í sin, agus is beag baint a bhí aici le labhairt na teanga sna ceantair ar láidre í.

comhartha-at

Comhartha ag trá san Afraic Theas le linn na 70í


Pobal measctha

Tá canúint dá gcuid féin, Kaapse Taal, ag pobal Cape Town (Kaapstad).

Cé gur de shliocht measctha na daoine seo go léir, ní hionann an meascán i ngach ceantar.

Dream ilteangach iad: is minic iad ag tarraingt Kaapse Taal, Afracáinis chaighdeánach agus Béarla orthu féin as éadan a chéile.

Bhí cainteoirí Afracáinise de shliocht measctha páirteach sa troid i gcoinne Apartheid agus beartais eile den saghas céanna a bhí ann roimhe sin.

De réir an tsuirbhé Futurefact, deir cainteoirí dúchais Afracáinise gur Afracaigh iad go bunúsach, ach tá tréithe sóisialta na teanga ag athrú.

Tá an oiread céanna cainteoirí de shliocht measctha agus cainteoirí bána sa mheánaicme anois, ach is mó an líon cainteoirí de shliocht measctha atá le fáil i measc an lucht oibre, agus is iomaí cainteoir bán a bhain amach an uas-mheánaicme agus an uasaicme.

Níl fáil ach ag 18% de na cainteoirí donna ar an idirlíon le hais 47% de na cainteoirí bána.

Tríd is tríd, ní dóigh le cainteoirí de shliocht measctha go bhfuil siad an-chosúil le cainteoirí bána i gcúrsaí cultúir, polaitíochta agus sóisialta.

Tá a rian sin le feiceáil ar chúrsaí oideachais.

Tá claonadh ag daoine óga de shliocht measctha chun iompú ar an mBearla, ach b’fhearr le tuismitheoirí bána oideachas trí Afracáinis a chur ar a gclann.

Is baolach mar sin go gcaillfidh an teanga cuid éigin den ilghnéitheacht agus den bheocht a bhain léi riamh.

seadchomhartha

An séadchomhartha náisiúnta ar son na hAfracáinise sa Western Cape


Éagsúlacht liteartha

Ba mhór an t-ardú céime don teanga an t-aistriúchán Afracáinise den Bhíobla a tháinig amach sa bhliain 1933.

Tháinig borradh faoin litríocht, agus le linn Apartheid bhí scríbhneoirí Afracáinise orthu siúd ba mhó a chuir in aghaidh bheartais an rialtais.

Anois tá fuinneamh ar leith sa litríocht Afracáinise, agus baint nach beag ag scríbhneoirí nach Afracánaigh iad leis an scéal.

Orthu sin tá Adam Small, duine de shliocht measctha a bhfuil baint aige leis an ‘Black Consciousness Movement’ (Die Swart Bewussynsbeweging) agus cuntas tugtha aige ar shaol a leithéidí le linn Apartheid.

Baineann sé feidhm éifeachtach as Kaapse Afrikaans:

die Here het gaskommel
en die dice het verkeerd geval vi’ ons
daai’s maar al…
(Chaith Dia na díslí agus thit siad go contráilte, sin an méid…)

Sampla den chlaochlú polaitiúil is ea an nuachtán Die Burger.

Ba é páipéar oifigiúil an Pháirtí Náisiúnta (páirtí mór Apartheid) é tráth, ach sa bhliain 1990 dúirt an t-eagarthóir Ebbe Dommisse leis an bpáirtí nach labhródh an páipéar ar a shon feasta.

Sa bhliain 1999 ceapadh eagarthóir liobrálach, Arrie Rossouw, agus sa bhliain 2006 ceapadh Henry Jeffreys, an chéad eagarthóir gorm.

Ní shamhlófá riamh fadó go scríobhfadh iriseoir píosa don pháipéar le hómós do Nelson Mandela ach sin a tharla nuair a fuair Madiba bás:

Heel dikwels ontneem die dood ons iets kosbaars – iets waarvan ons slegs die volle waarde besef wanneer dit nie meer daar is nie. Madiba was so iemand. (Is minic a bhaineann an bás rud luachmhar dínn – rud nach ndéanaimid a luach a mheas go dtí nach bhfuil sé ann a thuilleadh. Duine den saghas sin ba ea Madiba.)

Mar an gcéanna le cuid mhór cultúr agus teangacha eile ar fud an domhain mar sin, ní mar a shíltear a bhítear i gcás na hAfracáinise.


Foilsíodh an t-alt seo in eagrán 43 de NÓS clóite.

SCÉALTA EILE