An bhfancy-naíonn tú Gaeil eile? Sin croí na ceiste
Eadar-Ghaelg V

Tá teangacha agus canúintí cosúil le speicis agus fospeicis ainmhithe. In amanna, is féidir le hainmhithe i speicis atá an-ghar dá chéile cros-síolrú. Tarlaíonn sé san fhiántas ó am go chéile ach de ghnáth, ní tharlaíonn sé.

Ní théann an coileach piasúin sa tóir ar do chuid cearc, cé gur cineál de phiasúin iad cearca agus gur féidir hibridí a dhéanamh eatarthu (níl mé ag maíomh go bhfuil cuma uasal orthu siúd áfach).

Ach leis an fhírinne a rá, ní dócha go dtarlódh sé go nádúrtha de bhrí nach bhfuil dúil ag Coileach na Coille i do chuid cearc ar chor ar bith, ní fhancy-naíonn sé iad, mar a déarfá. Ach má fhágtar le chéile sa lios céanna iad, gan bealach éalaithe aige, cuirfidh sé spéis iontu luath nó mall.

Tarlaíonn an rud céanna le teangacha. Thiocfadh le go leor cainteoirí de theangacha éagsúla labhairt le chéile dá mbeadh an an fonn sin orthu, nó dá mbeadh sé riachtanach sin a dhéanamh. Gan sin áfach, is féidir nach féidir leo. Ní ghlacfadh sé an oiread sin don Iodálach agus an Rómánach labhairt le chéile dá mbeadh fonn orthu, cuir i gcás, dá mbainfeadh siad triail as.

Is minic a chonaic mé seo ag tarlú leis na teangacha Gaelacha. Tá aithne agam ar chainteoirí dúchais as Conamara a bhí ábalta labhairt le cainteoir dúchais ó Eileanan an Iar gan mórán stró agus gan réamheolas ar an teanga eile. Ar an lámh eile, chonaic mé an ollamh ollscoile a raibh saineolas ar an tseanGhaeilge aige nach raibh ábalta bun ná barr a dhéanamh as Gaeilge na hAlban agus í á labhairt. 

Bíonn sé éasca don Fheirsteach labhairt le bean as Glaschú ach in amanna ní féidir leis an Chonallach ciall a bhaint as caint dhuine as an Eilean Sgítheanach. Ceist shíceolaíochta agus aicme a bhíonn i gceist. Baineann sé le fonn agus meon aigne níos mó ná cumas intinne agus eolas ar theangacha.

Ar ndóigh, nuair is féidir titim siar ar an Bhéarla – sin sin go minic. Tá sé mar an gcéanna leis na teangacha Románsacha anois – is féidir le hIodálach an tSpáinnis a thuiscint agus vice versa ach tá an Béarla ag teacht eatarthu anois.

Ní hionann sin agus a rá gur féidir le Gaeil labhairt le chéile go furasta – ní féidir. Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, is furasta don Éireannach caint an phuilpéid a thuiscint i nGaeilge na hAlban óir is ar an Bhíobla atá sé bunaithe ach is deacra i bhfad caint na sráide.

A mhalairt ar fad atá fíor maidir le Gaeilge Mhanann i mo thaithí féin – is féidir le nua-chainteoirí Éireannacha agus nua-chainteoirí Mhanann labhairt le chéile gan mórán stró nó réamhfhoghlaim – a fhad is a bhaineann gach rud le rudaí simplí laethúla coitianta – bheadh sé i bhfad níos deacra d’Éireannach ard-Ghaeilge Mhanann na 1800í a thuiscint. Ach arís, baineann sé leis an cheist – an bhfuil dúil ag na cainteoirí seo ina chéile?

Leanaimis leis an obair mar sin.

‘bhfuil’ ‘bheil’ ‘vel’

Cad faoin bhfoirm spléach den bhriathar ‘bí’?

Is léir gur ‘ceist’ thábhachtach í seo agus, mar cheist, ó is féidir leis comhrá Gaelach a thosú nó a chríochnú.

Síolraíonn ‘bhfuil’ (GÉ), ‘bheil’ (GA) agus ‘vel’ (GM) go léir ón tseanGhaeilge ‘fil’.

Tá siad millteanach cosúil le chéile agus ní shamhlaím gur féidir mórán míthuiscintí a bheith ann sa chás áirithe seo.

Ach ar dtús, cad faoin mhír cheisteach ‘an’ — sin furasta – déan ‘a’ as mar a dhéanfadh cainteoir dúchaisi gcónaí.

Is ionann ‘vel’ agus ‘bheil’, mar sin de, tá rogha idir ‘bheil’ agus ‘bhfuil’ le déanamh againn.

‘Bhfuil’ a bhí ag an Cheitinneach, rud a thugann an-stadás don fhoirm sin, dar liom. ‘Bhfuil’ atá i gcaighdeán oifigiúil na hÉireann ach ní dócha go bhfuil sé sin ábhartha sa chás seo. Bíonn fuaim w ag tús ‘bhfuil’ i gcuid mhaith d’Éirinn ach cluinim fuaim v i gCúige Mumhan.

Ach, mar a rinne mé cheana, tugaim suntas d’fhoirm a bhíodh againn in Oirthear Uladh ar fad – ‘bhfeil’. Sílim go dtuigfeadh gach Gael an foirm ‘A’ bhfeil’ sa chaint agus sa scríobh, mar sin de, sin an foirm a úsáidfidh mé san Eadar-Ghaelg.

Mar sin de – an bhfuil tú go maith? (GÉ) / am bheil thu go math (GA) / vel oo dy mie? (GM) >

EG – A’ bhfeil tú/thú gu math?

Tá mé den bharúil go dtuigfí sin ón Rinn go Nís.

Maidir le ‘tú’ vs ‘thú’, ní mheasaim gur rud mór é sin – tá an dá fhoirim ar fáil in Éirinn, agus cé nach eol dom ‘tú’ a bheith coitianta in Albain nó i Manainn, thuigfí ‘tú’ agus ‘thú’ chomh maith céanna tá mé ag meas – tá obair sa pháirc de dhíth leis an teoiric sin a thastáil.

Freagra EG –  Tá mi gu math

Arís, thuigfí sin ó Leamhcán go Partaig.

Ach bíonn sé de nós ag daoine, ‘go raibh maith agat’ a rá nuair a fhiafraítear dóibh ‘cionnas a tá tú?’

Thiocfadh leis sin a bheith casta.

‘Gur eh mie eu’ (i. [ go robh maith aiu (<agaibh)) atá acu in Oileán Mhanainn, ní stró ar bith é sin.

Tabharfar faoi deara go n-úsáidtear an tríú phearsa iolra mar chomhartha measa, mar a dhéantar in Albain (agus sa Fhraincis, cuir i gcás), thiocfadh leis sin a bheith casta. Mholfainn leanúint leis an nós áirithe sin san Eadar-Ghaeilg.

B’fhearr ‘A’ bhfeil sibh gu math?’ a rá má tá amhras ar bith ann.

Tapadh leat / leibh (Eileanan an Iar) atá acu go príomha in Albain inniu, ní thuigfeadh Manannach nó Éireannach sin gan réamhfhios a bheith aige.

Má théann tú níos faide ó dheas, gheofá ‘mórán taing’ agus ‘taing dhu(i)t / dhuibh, i Muile, i dTioraidh cuir i gcás – gach seans go dtuigfeadh siadsan ‘Gu(n) robh math agad’ áfach.

Is suimiúil go raibh an focal ‘taince’ ar fáil i nGlinntí Aontroma a fhad is a mhair an Ghaeilge ann. Is suimiúil fosta go bhfuil ‘míle buíochas’ ag dul i dtreise in Éirinn measaim, ach ní dócha go bhfuil sé sin ábhartha sa chás seo.

Seo an rud, bhí agus tá ‘Gu(n) robh math agad / agaibh’ ar fáil i gcuid mhaith d’Airear Ghaidheal, i ndeisceart Ghaeltacht na hAlban agus tá an ráiteas áirithe sin beo in Íle go fóill.

Mar sin de, ar an ábhar go bhfuil leagan de ‘Gu(n) robh math agad’ beo i gcónaí sna trí thír Ghaelacha, measaim go bhfuil seasamh agus údarás aige AGUS go dtuigfí é go forleathan.

Mar sin de, is é mo mholadh san Eadar-Ghaelg ná: ‘Go rabh math agad / agaibh’.

Mar a dúirt mé cheana, tá an-iontas orm faoin spéis a léiríodh sa togra seo – tá súil agam gur éascaigh sé comhrá nó dhó, nó ar a laghad, gur chuir sé moill ar an Bhéarla lámh in uachtar a fháil i gcomhrá nó dhó. Seo achoimre ar a mhol mé go dtí seo.

Eadar-Ghaelg:

Fàilte / Fáilte

Haló.

Lá math

Maidin mhath

Feascar math 

Oidhche mhath

Cionnus tá tú?

Tá mi gu math

‘A’ bhfeil sibh gu math?’

Go rabh math agad / agaibh’

B’fhearr ‘cha’ a úsáid ná ‘ní’

Ní > Chan fheil. (deir ‘il’)
Ní raibh > Cha rabh (deir robh)
Ní dheachaigh > Cha deachaidh 

An briathar ‘bí’ san aimsir láithreach:

Tá mi

Tá tú

Tá í

Tá é

Tá sibh

Tá sinn

Tá iad