An bhfuil an iomarca reiligiúin sa Ghaeilge?

Dia dhaoibh a chairde, le cúnamh Dé beidh sibh á léamh seo agus sibh ar fad go maith.

Don té nach gcreideann i sprideanna, púcaí is piseoga seans gur chuir an chéad abairt sin as dóibh. Dar le mórán tá ár dteanga faoi bhrú ag tagairtí iomadúla don reiligiún is don chreideamh, sna nathanna is coitianta sa teanga go háirithe.an aimsir breá fós linn, mar a dhiabhail tá teas mór inniu ann.

Is minic go ndeirtear agus daoine ag cáineadh na teanga gur teanga reiligiúnda nó chaitliceach í.

Ba dheacair a rá nach bhfuil an Ghaeilge faoi anáil na Críostaíochta. ‘Buíochas le Dia’, ‘Dia is Muire dhuit’, ‘Dia leat’, agus an sampla is coitianta agus is mó a chuireann as dom (is do shlua líonmhar chomh maith braithim) ná ‘Dia dhuit’.

An bhfuil aon leagan eile ann dúinn?

Den chuid is mó úsáideann an t-aos óg ‘Aon scéal?’, ‘Scéal’, ‘Conas atá?’, ‘Cúrsaí?’ ‘Craic?, ‘Aon chraic?’ in áit an fhrása sin. Baintear feidhm as ‘Hé’, ‘Haigh’, ‘Haileó’, ‘Bhuel’ agus ‘Bhal’ chomh maith.

Níl smid amhrais ann ach go bhfuil ‘Dia dhuit/dhaoibh’ ag éirí an-fhoirimiúil. Is fíor go n-úsáidtear ‘Dia dhuit’ fós, ach is i suíomhanna foirmiúla is minice a chloisfeá anois é, agus ag cainteoirí níos sine ach go háirithe.

Is fíor gur cuid dhílis den teanga é ‘Dia dhuit’, ach tá sé iomlán neamhbhalbh faoi chreidiúint san aondia spéire úd. Mothaím míchompordach á rá.

Is cuimhin liom ag beannú d’fhear sna triochaidí uair, le ‘Conas atá?’ an nós a bhíodh agus atá agam fós ar an gcuid is mó. Thug sé an ‘nós óg ainchreidmheach’ air go leathmhagúil.

Má chaitheann tú súil ar theangacha eile, rud annamh don aonteangach Éireannach, thuigfeá nach comhcheilg Ghaelach atá ann áfach. I nGearmáinis na Baváire deirtear ‘Gruss Gott’, (Is mór Dia), sa Spáinnis deirtear ‘adiós (chun Dé), ‘adieu’ sa Fhraincis (chun Dé) arís.

Sa tSeirb tá an focal Iodálach ‘ciao’ tar éis an ruaig a chur ar na focail ‘zdravo’ and ‘dobar dan’ i measc na n-óg.

Ceann de na frásaí is coitianta ar fad ar domhan, is dócha, ná ‘goodbye’, agus ó ‘God bye’ a thagann seo.

Sa Ghaeilge áfach, is follasaí go mór leithéidí ‘Dia dhuit’ agus dóibh siúd nach gcreideann i sprideanna mar sin is deacair gan smaoineamh air sin is tú á rá.

Teastaíonn frása eile ina áit mar sin. Cad a déarfá le; ‘Móra duit/daoibh(ar maidin/um thráthnóna)’, ‘Hóra’ (neamhfhoirimiúil) ‘Lá breá’ (cineál magúil), ‘Sé do bheatha’ agus ‘Go maire tú’ nó ‘Go raibh míle maith agat’ mar fhreaga?

Nó cén locht atá ar ‘Maith an fear / Maith an bhean’ is ‘Maith thú féin’ mar fhreagra?

Táthar ann a déarfadh nach féidir teanga a athrú nó fiú dá bhféadfaí ceann a athrú nár chóir. Ach mar atá feicthe againn sa Ghaeilge le focail ar nós ‘banaltra’ agus ‘bangharda’ atá beagnach imithe as faoi seo, uaireanta déantar cinneadh comhfhiosach éirí as leaganacha áirithe cainte.

Is amhlaidh an scéal sa Bhéarla áit a bhfuil banleaganacha roinnt focal ar nós ‘actress’ á thréigean go tréan. Sa Ghaeilge tá leithéidí ‘féintruailliú’ agus ‘ginmhilleadh’ ann, is ní mó ná sásta atá go leor daoine fúthu, is iad ag moladh ‘glacaireacht’ agus ‘forcheannadh toirchis’ mar mhalairt orthu. (Pléadh an téarma ‘ginmhilleadh’ ar An Tuairisceoir i rith an tsamhraidh.)

Anuas air sin ní maith liom an nós mórlitreacha a úsáid agus tú ag caint Air. Cén cineál seafóide é sin? Módh scríbhneoireachta a chur as a riocht le freastal ar Dhia a thug go leor bithiúnach agus droch-cheoltóirí ar an saol seo, an ea? Táim míshocair leis an nath ‘le cunamh Dé’ chomh maith céanna.

Le tamall d’úsáideas ‘Bail ó Dhia is ó Dharwin ort’ leis an dá thrá a fhreastal; an dúchas agus an saol atá dulta chun cinn air sin, ó am go chéile. Go magúil nó le beagán den diabhlaíocht a d’úsáid mé féin é agus feicim go bhfuil molta ag daonna eile (go lán-mhagúil) ‘Darwin duit’ agus ‘Darwin is Dawkins duit’.

Pé rud a oireann duit féin! Cainteoir cathrach mise as Bleá Cliath, is mé sna fichidí, tógadh leis an dá theanga oifigiúla mé agus Gaeilge an phríomhtheanga agam, seans nach dtiocfadh daoine eile leis na tuairimí thuas faoin úsáid ach seo an treocht ghinearálta a bhraithim.

Is linne an teanga seo, ná bíodh leisce orainn í a mhúnlú dúinn féin agus dár saol, díreach mar a rinne na glúnta a chuaigh romhainn ina mbealach féin.

Má tá moltaí nó ceisteanna agat maidir le hábhar an ailt seo is féidir teagmháil a dhéanamh le @murchadhmor ar twitter.