An bhfuil do phróifíl dearg fós?

Tá tús á chur inniu le seachtain mhór feachtasaíochta ar son Acht Gaeilge ó thuaidh agus an Dream Dearg ag cromadh arís ar an cheist a chur os comhair an phobail mhóir.

Gach lá le linn na seachtaine seo molfar do dhaoine atá ar son reachtaíocht láidir don Ghaeilge amháin sna sé chontae, molfar dóibh gníomh ar leith a dhéanamh a chuirfidh in iúl don phobal agus do pholaiteoirí araon go bhfuil tacaíocht leathan ann don Acht.

Inniu tá an Dream Dearg ag iarraidh ar dhaoine a n-íomhánna próifíle ar na meáin shóisialta a athrú agus fáinne dearg an ghrúpa a chur thar a ngnáth-ghrianghraf, rud atá déanta ag na céadta duine cheana féin ar Facebook agus Twitter.

Tiocfaidh buaic na sraithe seo de ghníomhartha Dé Domhnaigh nuair a eagrófar léirsiú poiblí taobh amuigh de Halla na Cathrach i mBéal Feirste, léirsiú oscailte dearg ar son an Achta a bhfuil fáilte mhór roimh chách bheith páirteach ann.

Is féidir le haon duine cabhrú leis an bhrú is déanaí seo ó phobal Gaeilge an tuaiscirt ach páirt a ghlacadh sna gníomhartha seo thíos atá beartaithe do na laethanta amach romhainn:

Dé Luain 25 MF
Pictiúirí próifíle a athrú ar Facebook agus Twitter

Dé Máirt 26 MF
Tweeteanna dírithe ar Rialtas na hÉireann ag lorg tacaíocht phoiblí

Dé Céadaoin 27 MF
Físeáin ghairide phearsanta ón ghnáthphobal agus ó aíonna ag tacú leis an Acht

Déardaoin 28 MF
Gníomh poiblí ag Stormont

Dé hAoine 29 MF
Éadaí dearga a chaitheamh ar obair, ar scoil agus pictiúir a scaipeadh

Dé Sathairn 30 MF
Litir oscailte chuig an Státrúnaí James Brokenshire a roinnt

Dé Domhnaigh 1 DF
Léirsiú poiblí, Halla na Cathrach, Béal Feirste @ 2in


Foilseoidh an Dream Dearg tuilleadh sonraí faoi gach beart gach maidin ar Facebook agus Twitter.

SCÉALTA EILE