An bhfuil sé in am bealach béasach a aimsiú chun daoine a cheartú?

Duine mise “nach mbíonn ag éisteacht” a chuirtear i mo leith, ach deirimse go mbím ag taifeadadh i mo chloigeann i gcónaí, bím ag cuardach ábhar scéil. 

Mar sin, bíonn cuimhne agam ar chomhráite a tharla blianta fada ó shin, cé go raibh cuma orm ag an am nach raibh mé ag tabhairt aird ar bith ar a raibh a rá. 

Ceann de na comhráite sin a d’fhan i m’aigne ná cara de mo chuid ag rá liom faoi chomhrá a bhí aige le cailín ar an ollscoil, fúmsa. 

Bhí sí ag míniú dó gur ormsa a bhí an locht nár labhair éinne ar chúrsa Gaeilge s’againne an teanga ar chor ar bith. 

Mar chathaoirleach (mí-éifeachtach) ar an chumann Gaelach, rinne mise iarracht í a labhairt i gcónaí – ní raibh aon ghean ag mo chomh-mhic léinn Ceiltise orm dá bharr, seachas eisceacht nó dhó.

Ní raibh siad ach ag iarraidh céim a bhaint amach agus dar leo ní raibh an Gaeilgeoir ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na léachtóirí go slíocanta. 

Tuigim na daoine seo, samhlaigh duine éigin ar do chúrsa Laidine ag iarraidh an teanga a labhairt go poiblí, amaideach, nó duine ar chúrsa Fraincise ag iarraidh í a labhairt sa cheaintín, náireach.

Anois, ba é an locht a bhí orm, dar leis an chailín seo, ná go raibh sé de nós agam “daoine a cheartú”. Labhródh daoine an Ghaeilge dá mba rud é nach raibh mise ann, dar léi. 

Bhain sé sin preab asam, déanta na fírinne. Baineadh úsáid as an tsean-siobaileat frith-Ghaeilge, dar liom, i m’éadan. Ach thuig mé nach raibh na mic léinn seo ag iarraidh Gaeilge a labhairt agus ba phian cheart sa tóin seo an stócach seo a chreid go daingean gur ceart í a labhairt. 

Chuir mé mé féin ‘ar ceal’ agus thuig mé sin ach bhí mé ard-nósach go leor chun an locht ar a chur ar an choilíneachas. Blianta ina dhiaidh sin, shiúil mé isteach i gCumann Chluain Ard in Iarthar Bhéal Feirste agus rinne mé dearmad ar an ollscoil. 

Deirtear liom gur tháinig feabhas ar chúrsaí Gaeilge in Ollscoil na Banríona ó shin. 

Cibé ar bith, rinne mo chara mé a chosaint, dar leis. Dúirt sé nár chuala sé mise ag déanamh a leithéid de rud riamh. 

Dar liom go raibh an ceart aige, ní dhearna mé a leithéid riamh, ag an am sin nó uaidh, cé go ndearnadh ormsa na céadta uaireanta. 

Miotas a bhí ann, ach miotas éifeachtach. Peaca mór a bheadh ann a leithéid a dhéanamh i saol na Gaeilge. 

Dála an scéil, cha raibh an Ghaeilge agam chun daoine eile a cheartú ar bhealach ar bith. Bhí Gaeilge s’agamsa an-lochtach, mar atá i gcónaí, agus chan fhuair mé greim cheart ar an chaighdeán riamh (shéanfainn sin in aon agallamh poist dar ndóigh). Ach bhí sé de nós agam, mar atá go fóill, éisteacht le taifeadáin ón chartlann, chuir sé sin isteach go mór ar na mic léinn eile ar chúis nár thuig mé riamh. 

Bhí Gaeilge na scoileanna gramadaí ag bunús na mac léinn ag an am, gramadach chruinn. Ach mar sin féin, tá fios níos fearr agamsa uirthi mar Ghaeilge ná mar atá cuid mhaith daoine a bhfuil aithne agam orthu – agus níos measa ná mar atá sé ag cuid eile. 

Cluinim daoine, cairde, ag déanamh na mbotún céanna, arís is arís agus arís eile. 

Focal ar bith cha ndeirimse. Gramadach go deo ní cheartóidh mé. 

Éistim leis na meancóga go béasach, ní chuireann sé isteach nó amach orm ach smaoiním anois ar an teanga ag saothrú a báis, an féidir liom cabhrú léi?

An bhfuil sé in am dom bealach béasach a aimsiú chun daoine a cheartú? An bhfuil a leithéid de bhealach ann?

An ionann ceartú in amanna agus eolas a roinnt nó an fearr fanacht i mo thost agus bolgam eile de mo phionta a ól?

Maidir liom féin, d’íocfainn airgead tirim do dhuine dá mbeadh siad sásta anailís a dhéanamh ar mo chuid Gaeilge féin ag an phointe seo. 

Ba bhreá liom ceartú, ní sa teach tábhairne, agus ní ó dhuine nach bhfuil an teanga acu go cuimsitheach ach oiread ach ó shaineolaithe.

Tá mé ag smaoineamh go mbeadh a leithéid de rud agus ‘cóitseáil d’fheidhmneannaigh’ iontach oiriúnach agus go mbeadh rath ar dhuine a rachadh i mbun a leithéid de ghnó. 

Mar sin de, ar aghaidh linn, an té atá saor caitheadh sé an chéad chloch.