An bhfuil smál an éadóchais…

Tá go leor cainte faoi bheith ag tógáil páistí le Gaeilge ón dearcadh conspóideach a léirigh an sochtheangeolaí, Seosamh Mac Donncha ar ‘Seacht Lá’ ar na mallaibh. Pléann Ciarán Dunbar an cheist ina cholún is déanaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.


Agus mé ag tiomáint abhaile ar na mallaibh chuala mé comhluadar ar an chlár ‘Blas’ ar BBC Raidió Uladh.

Char mhothaigh mé ainm ar an fhear óg a bhí faoi agallamh áfach, agus cha raibh aithne agam air.

Ach bhí barúil mhaith agam cé ar leis é.

D’aithin mé sin óna ghlór.

Tá daoine a tógadh le Gaeilge chomh tearc sin faraor, gur féidir mac a aithint ó chaint a athar.

Bhí Gaeilge an stócaigh seo cruinn is fileata agus rith sé liom go mbeadh obair ag saoithín ar bith locht a fháil uirthi.

B’as Béal Feirste dó – an Ghalltacht, an iar-Ghaeltacht.

Cainteoir cathrach, uirbeach, nua é. Déarfadh daoine áirithe ‘neamhthraidisiúnta’ fiú.

Ní féidir liom a shéanadh gur chuir cumas labhartha an duine seo giota dóchais ionam.

An oíche dár gcionn áfach, bhí a mhalairt de thaithí agam.

B’shin nuair a dúirt an sochtheangeolaí, Seosamh Mac Donnacha (thuas), ar an chlár Seacht Lá go mbeadh “drogall” air a mholadh d’aon duine “clann a thógáil le Gaeilge”.

Dúirt sé go mb’fhéidir go mbeadh sé níos “simplí” agus níos “fearr” Béarla a labhairt le páistí sa Ghaeltacht anois.

Agus dúirt “go bhfuil sé mímhacánta agus mímhorálta ag an Stát a bheith ag iarraidh ar thuismitheoirí Gaeltachta páistí a thógáil le Gaeilge gan an tacaíocht chuí a chur ar fáil dóibh.”

Tuigim an pointe seo ach bhí iontas agus díomá orm nuair a chuala mé é.

Mar thuairisceoir, ní maith liom labhairt go pearsanta ach in amanna níl éalú uaidh.

Sin de bhrí go labhraíonn muidne Gaeilge i dteach s’againne gan tacaíocht chuimsitheach ó stát ar bith – cé go bhfuil oideachas dátheangach ar fáil dúinn agus go ndéanann leithéidí Ghlór na nGael a seacht ndícheall ar an bheagán.

Anois, aithním gur scoláire mór é Seosamh Mac Donnacha agus aithním go bhfuil go leor déanta aige don teanga.

Aithním gur ard-saothar atá ina chuid oibre, agus i gcuid oibre a chuid comhghleacaithe maidir leis an Ghaeltacht de – cé go bhfuiltear ann a deir go bhfuil sé beagán ró-dhuairc.

Ach ní aontaím le Seosamh ar an phointe seo.

Táthar ann a déarfadh gur tuairimíocht ídeolaíochta é seo.

Is ea. Tá mé claonta.

Ach lena bheith ionraic, creidim go bhfuil an smál céanna ar shochtheangeolaíocht na Gaeilge – go bhfuil an cheird faoi scáth an éadóchais agus íonaíochais.

Admhaím nach spéis liom pleanáil teanga ná sochtheangeolaíocht na Gaeilge ag an phointe seo – tá bás na teanga fógartha acu a bheag nó a mhór.

Tá sé ráite ag sochtheangeolaí mór le rá , cuir i gcás, nach féidir a dhath a dhéanamh anois ach na seandaoine a thaifeadadh.

Tá scríofa ag duine acadúil eile nach ann do phobal Gaeilge ar bith ó bhí na 1920í ann.

Anois, tuigim na teoiricí – tá fíricí oibiachtúil ach is suibiachtúil na conclúidí a bhaineann duine astu, múnlaithe ag ár gcuid réamhchlaonta féin.

I gcead do na saineolaithe, buailim le daoine óga go minic a bhfuil Gaeilge ag leibhéal an chainteora dúchais acu – gan tacaíocht ó dhuine ar bith seachas a gcuid tuismitheoirí.

Ach níl mé ag caint le sochtheangeolaithe na Gaeilge – tá an bhearna ró-mhór eadrainn.

Ní muid ag caint le chéile a thuilleadh ach ag caint ag a chéile.

Mar sin, géillim go hiomlán, ní dhéarfaidh mé a thuilleadh.

Ní bhaineann sochtheangeolaíocht le mo leithéid agus a mhalairt fíor chomh maith.

Mothaím gur gníomh frith-shochtheangeolaíochta é tógáil páistí le Gaeilge.

Gníomh intleachtúil go smior ach frith-acadúil ag an am céanna.

Ach cad faoin fhírinne! – Ní féidir an réaltacht a shéanadh a chluinim i mo chluasáin.

Ní féidir, agus níl aon duine ag iarraidh é sin a dhéanamh.

Tuigim tábhacht na Gaeltachta.

Tuigim an cruachás teanga sa Ghaeltacht.

Ach déarfainn féin gur féidir le gníomh an réaltacht a mhúnlú – sin mo thaithí féin ar an saol.

Sáraíonn gníomh caint.

Is fíor a rá, go mbeinn ag tógáil páiste le Gaeilge fiú dá mba rud é nach raibh cainteoir dúchais ar bith ann.

Ach beirim mo dheimhin do, cibé cad é atá taobh thiar de sin, ní haon mhasla é sin do chainteoirí dúchais.

Tuigim go maith nach n-aontódh go leor daoine leis sin, tuigim nárbh fhéidir leo é sin a thuiscint, bheadh cuid daoine naimhdeach fiú, feargach.

Shílfeá ar éisteacht le corrdhuine dom gur ag goid na Gaeilge ón Ghaeltacht atá Gaeilgeoirí.
Ach níor mhothaigh mé teannas riamh idir gnáthmhuintir na Gaeltachta agus nua-chainteoirí na Gaeilge.

Dar liom, ní masla go roghnaíonn daoine taobh amuigh den Ghaeltacht reatha Gaeilge a labhairt agus páistí a thógáil inti ach gníomh in ómós don dúchas.

Ní moladh go haithris, a deirim.

SCÉALTA EILE