An bhfuil tú réidh do #Gaeiltober?

Beidh feachtas ar siúl an mhí seo chugainn a fhéachfaidh leis an méid Gaeilge a bhíonn ar na meáin shóisialta a ardú — #Gaeiltober. Gael óg as contae Thír Eoghain, Ailís Níc Aoidh, a tháinig a aníos leis an gcoincheap do #Gaeiltober agus roinn a plean gan ach an Ghaeilge a úsáid ar Twitter an tseachtain seo caite. 

Dúirt Ailís gur mhaith léi feabhas a chur ar a cuid Gaeilge agus d’iarr ar chainteoirí líofa Gaeilge atá á leanacht ar na meáin shóisialta í a cheartú go dtaga feabhas ar a scileanna teanga. 

Scaipeadh bunghiolc Ailís ina loscadh sléibhe ar Twitter agus níorbh fhada gur baisteadh #Gaeiltober ar an bhfeachtas an Ghaeilge amháin a úsáid ar na meáin shóisialta ar feadh na míosa Deireadh Fómhair. 

Tá treoirlínte foilsithe ag Ailís ó shin do dhaoine ar mhaith leo páirt a ghlacadh in #GaeiltoberL

1) Ná úsáidtear an Béarla.

2) Lorgaítear cúnamh uathu siúd atá níos láidre agus tugtar cúnamh dóibh siúd atá níos laige.

3) Ceadaítear athghiolcacha i mBéarla ach caithfear freagraí a bheith i nGaeilge.

4) Ceadaítear GIFeanna nach bhfuil i nGaeilge ach caithfear tráchtanna a bheith i nGaeilge.

Dúirt Ailís go mbeidh sí fós ag caint i mBéarla sna teachtaireachtaí díreacha lena cuid cairde ach gur i nGaeilge amháin a bheidh a cuid giolcacha poiblí. 

Chuaigh a plean i bhfeidhm go mór ar dhaoine eile ar Twitter agus tá aird na gcainteoirí Gàidhlig agus Manainnise tarraingthe aici. Beidh cuid acu sin ag glacadh páirte i #Gaeiltober ina dteanga féin. Tá daoine eile ann a bheidh ag leathnú an fheachtais go ardáin eile ar líne ar nós Instagram, TikTok, YouTube agus eile. 

Tá an cuntas iomráiteach Twitter @theirishfor ag tacú leis an bhfeachtas freisin agus ticéid curtha ar leataobh ag Darach Ó Seaghdha (riarthóir an chuntais) dá phodchraoladh beo ‘Motherfoclóir’ do dhaoine a ghlacann páirt fhonnmhar i #Gaeiltober.

SCÉALTA EILE