An céilí is mó ar domhan

Baileofar breis agus 1,500 Gael óg le chéile i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo (22 Lúnasa) mar chuid de cheiliúradh atá ar na hócáidí Gaeilge is mó sa tír.

Beidh Tóstal na bhFiann – imeacht speisialta a eagraíonn Cumann na bhFiann – ar siúl san RDS agus ar chlár na bliana seo tá céilí ollmhór, a mheastar bheith ar na céilithe is mó ar domhan.

Daoine óga idir 10 agus 18 a bheas páirteach sa spraoi agus mar aon leis an ollchéilí beidh an banna Gaeilge is spleodraí sa tír, Seo Linn, ar ardán ag deireadh an lae.

Seolfar féilire geimhridh Chumann na bhFiann ar an lá chomh maith agus beidh comórtas tallainne, ‘Slua le Bua’, á reáchtáil le níos mó na 20 iomaitheoir ó fud fad na tíre.

Is chun cur le saol sóisialta Gaeilge na ndaoine óga a eagraítear an Tóstal agus is léiriú eile é ar na céimeanna dearfacha atá á dtógáil chun todhchaí níos gile a chruthú dár gcultúr agus dár dteanga.

Do na Gaeil óga siúd a bheas ag freastal air, bíodh Tóstal den scoth agaibh!

SCÉALTA EILE