Céard í an chathair is Gaelaí in Éirinn? Níl aon amhras ann ach gurb í Gaillimh an chathair is mó is féidir a bheith ag súil le Gaeilge inti, ach nár bhreá an teideal sin a bhronnadh ar bhailte eile ar fud na hÉireann ó bhliain go bliain?
Beidh cathair na Gaillimhe ina ‘Príomhchathair Chultúir na hEorpa’ an bhliain seo chugainn, agus ainneoin na ndeacrachtaí fairsinge atá ag lucht stiúrtha na féile sin, táthar ag súil le bliain mhór chultúir i gCathair na dTreabh in 2020.
Cuireadh tús le ‘Príomhchathair Chultúir na hEorpa’ breis agus 30 bliain ó shin le haird a tharraingt ar chultúir na hEorpa, ceiliúradh a dhéanamh orthu, agus cur le cultúr na gcathracha a mbronntar an stádas orthu. Is minic a théann an stádas chun sochar na gcathracha freisin, agus ardú tagtha ar an turasóireacht, ar an gcáil atá ar an gcathair, agus ar thuairim mhuintir na cathrach féin faoina n-áit chónaithe.
Molaim go ngoidfí an múnla sin ó Phríomhchathair Chultúir na hEorpa agus stádas ‘Príomhchathair Ghaeilge na hÉireann’ a bhronnadh ar bhailte agus cathracha ó bhliain go bliain. Chuirfeadh coistí áitiúla — in Áth Luain, i dTrá Lí, i nDún Geimhin — isteach ar an stádas agus d’fhógrófaí an baile nó an chathair bliain roimh ré.
Chuirfí airgead ar fáil ansin imeachtaí móra Gaeilge a reáchtáil san áit — Ardfheis Chonradh na Gaeilge nó Oireachtas na Gaeilge mar atá beartaithe do Ghaillimh 2020 — agus leis an mbaile a Ghaelú ar bhealaí eile.
Tharraingeodh an stádas aird mhuintir na háite ar an nGaeilge ina gceantar féin, léireodh sé buntáiste na teanga do lucht turasóireachta agus gnó, agus is dóigh liom go bhfágfadh sé rian dearfach ar an mbaile ar feadh i bhfad.
Níor ghá, ar ndóigh, go mbeadh céatadán ard cainteoirí Gaeilge sa mbaile le cur isteach ar an stádas, ach coiste díograiseach dearfach a d’oibreodh go dian i gcaitheamh na bliana le tairbhe a bhaint as an stádas don bhaile.
Níl aon srian leis an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh i mbaile agus stádas ‘Príomhchathair Ghaeilge na hÉireann’ aige, níl ann ach go ndéanfaí chuile shórt a dhéantar go rialta in áiteanna éagsúla ar fud na tíre in aon áit amháin: drámaíocht na Gaeilge a chur chun cinn; an Ghaeilge a thabhairt isteach go mór sa CLG áitiúil; scéimeanna Gaeilge sna scoileanna; fógraíocht agus comharthaíocht Ghaeilge ar na sráideanna; imeachtaí mór agus beaga, náisiúnta agus idirnáisiúnta a reáchtáil ann; Pop Up Gaeltacht rialta a reáchtáil ann agus araile agus araile agus araile.