An chéad agallamh Gaeilge riamh le himreoir sacair de chuid na hÉireann

Rinne imreoir de chuid fhoireann sacair na hÉireann, Liam Scales, agallamh i nGaeilge ar na mallaibh, agus meastar gurb é an chéad agallamh Gaeilge atá déanta ag imreoir sacair idirnáisiúnta riamh.

Phléigh an leaid óg as Cill Mhantáin a eispéireas leis an Ghaeilge i rith a shaoil chomh maith lena chéad chluiche le foireann Sinsir na hÉireann.

“Bhí mé ar Ghaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór, scoil lán-Ghaeilge, agus d’fhoghlaim mé an Ghaeilge ansin. Tar éis sin, chuaigh mé go Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus d’imir mé peil ansin. Bhí scoláireacht agam agus rinne mé céim sa Ghaeilge agus an Tíreolaíocht,” a dúirt Liam le FAI TV.

Chuir an t-agallóir in iúl dó go raibh sé ar an chéad imreoir de chuid na hÉireann chun agallamh a dhéanamh trí Ghaeilge agus thug moladh dó dá bharr freisin.

“Go raibh maith agat. Tá mé an-neirbhíseach anseo mar tá sé deacair iad a dhéanamh trí Ghaeilge nuair a dhéanann tú iad i mBéarla i gcónaí.”

Lean an t-agallamh agus an bheirt ag plé na gcluichí cáilithe a bhí rompu.

Bhí Liam ag imirt leis na Ceiltigh nuair a tairgeadh áit cosantóra dó ar fhoireann na hÉireann. D’imir sé a chéad chluiche idirnáisiúnta leis an fhoireann sinsir i gcoinne na Gréige i mí Dheireadh Fómhair, cluiche a chaill siad 2-0.

Cé go bhfuil rás fhoireann na hÉireann rite maidir le háit a bhaint amach ag Euro 2024, beidh siad ag imirt in éadan na Nua-Shéalainne i gcluiche cairdiúil amárach an 21 Samhain.

Níor bhain fir na hÉireann áit amach i gcraobh na hEorpa ó bhí 2016 ann agus beidh orainn fanacht anois go dtí 2028, tráth a bheidh an comórtas á reáchtail in Éirinn (agus in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i Sasana) agus Páirc Mhic Asmaint i mBéal Feirste á lua mar cheann de na hionaid.

Is féidir an t-agallamh iomlán le Liam Scales a fheiceáil anseo.

SCÉALTA EILE