Tá Culture Vannin, an eagraíocht i Manainn a chuireann cultúr agus teanga an oileáin chun cinn, sa tóir ar an gcéad ‘Greinneyder’ eile — duine a mbeidh freagracht air an teanga Ghaelach a labhraítear san oileán a chur chun tosaigh.
Is é post an Greinneyder an post is sinsearaí agus is tábhachtaí dá bhfuil ann ó thaobh na Manainnise de agus leagfar cúraimí go leor ar an té a cheapfar. Oibríonn sé le deiseanna agus acmhainní a fhorbairt a bhaineann leis an Manainnis, chomh maith leis an teanga féin a fhorbairt.
Duine atá “thar a bheith eagraithe”, atá “paiseanta faoina chuid oibre”, a bhfuil “teacht aniar ann”, agus “a mbeidh meas air” agus é ag déanamh ionadaíochta ar an teanga atá á lorg ag Culture Vannin don ról.
Cainteoir líofa Manainnise a cheapfar sa ról agus duine a bhfuil taithí aige ar mhúineadh na teanga ar bhonn gairmiúil nó neamhghairmiúil. Beifear ag súil go réiteoidh an Greinneyder cúrsaí, ranganna, agus acmhainní d’fhoghlaimeoirí fásta. Beidh an Greinneyder nua ag obair ar chur i bhfeidhm Straitéis na Manainnise, straitéis oifigiúil a faomhadh cúpla bliain.ó shin leis an teanga a chur chun cinn agus a bhuanú san oileán.
Lonnaithe in Balley Keeill Eoin i lár an oileáin a bheidh an té a cheapfar lonnaithe.
Bhí Adrian Cain ina Greinneyder i Manainn ar feadh 16 bliain. D’éirigh sé as níos luaithe i mbliana tar éis obair mhór a dhéanamh ar son a chultúir agus a theanga ó bhí 2014 i leith. Tharraing sé aird náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an Manainnis le linn a thréimhse sa bpost, agus ba é a d’oibrigh go dian dícheallach leis an teanga a tharraingt isteach sa 21ú hAois.
D’fhoilsigh sé sraith iomlán leabhar, dírithe ar chainteoirí líofa agus ar fhoghlaimeoirí Manainnise, agus ba é a chinntigh gur foilsíodh Gaelg agus Fishig: skeeal my vea (Gaeilge agus Fisic: scéal mo bheatha) leis an ngníomhaí mór teanga Brian Stowell, a bhásaigh in 2019.
D’fhorbair sé roinnt áiseanna ar nós an tsuímh idirlín LearnManx agus an aop Roie Mygeagurt: Manx Song and Rhymes. Sholáthraigh sé go leor leor cláracha raidió agus teilifíse freisin, chomh maith le físeáin YouTube.