An chéad naíolann Choirnise faoi lán seoil i gCorn na Breataine

Tá cloch mhíle thábhachtach bainte amach ag gníomhaithe teanga i gCorn na Breataine agus an chéad naíolann Choirnise oscailte ann le beagnach dhá mhí anuas.

Is sa bhaile Cambron (Camborne) in iarthar Kernow atá an réamhscoil suite agus í nasctha leis an bhunscoil áitiúil Bhéarla.

Is í Émilie Champliaud, bean de bhunadh na Fraince a bhog chuig an cheantar lena fear céile Cornach 12 bhliain ó shin, a chuir tús leis an naíolann agus í tiomanta an teanga dhúchais a thabhairt don chéad ghlúin eile.

“Is í Skol Veythrin Sen Jowan an chéad naíolann dhátheangach Coirnise-Béarla atá cláraithe,” arsa Émilie le NÓS.

“Cuireann muid oideachas dátheangach ar fáil do pháistí ó 2 bhliain d’aois ar aghaidh agus is mór an tacaíocht atá faighte againn ón phobal áitiúil.

“Tá líon na gcainteoirí Coirnise ag méadú agus tá níos mó teaghlach, a bhfuil páistí óga acu, ag léiriú spéis sa teanga chomh maith.”

Bíonn scéimeanna Coirnise á n-eagrú i mbunscoileanna na tíre ach seo an chéad uair a cuireadh tús le scoil ina bhfuil Kernewek ar cheann de na teangacha teagaisc.

Dúirt Émilie go bhfuil tograí eile Coirnise ag dul ar aghaidh sa dúiche agus imeachtaí éagsúla ar siúl go rialta chomh maith.

Tá Coirnis ar an teanga Cheilteach is lú agus cé go bhfuil sí go mór faoi bhrú tá borradh áirithe fúithi le cúpla glúin anuas.

Sa daonáireamh is déanaí in 2021 luaigh beagnach 600 duine go raibh siad líofa sa teanga agus meastar go bhfuil dornán mílte eile ann a bhfuil cur amach éigin acu uirthi.

Beidh Émilie agus gníomhaithe eile ag súil leis go mbeidh siad in ann cur leis an líon sin sna blianta atá le teacht.

Gach rath orthu / chons da!

SCÉALTA EILE