Tá gluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh athraithe as éadan le bliain anuas.
Tá an teanga sna ceannlínte ar bhonn rialta mar nach raibh riamh, tá tacaíocht d’acht Gaeilge léirithe ag páirtithe nár thacaigh leis an teanga roimhe seo agus tá beocht as an úr le mothú i measc na nGael.
Agus, ar ndóigh, tá an dath dearg le feiceáil ar fud na háite.
Is a bhuí leis an Dream Dearg, agus le hobair an phobail mhóir a sheasann leo, atá an borradh seo le tabhairt faoi deara agus anois faightear léargas ar an obair sin i gclár nua faisnéise a seoladh ag an deireadh seachtaine.
Cruthaithe ag gníomhaithe óga Gaeilge, insíonn an físeán scéal an fheachtais ó chuir an DUP deireadh le maoiniú do scéim Ghaeltachta de chuid Líofa i mí Nollag na bliana seo caite.
Ar na gnéithe is suntasaí den chlár ná gur daoine óga uilig, cailíní meánscoile agus ollscoile, a roinneann a gcuimhní faoin fheachtas agus a labhraíonn go heolasach agus go paiseanta faoin teanga.
Is Gael óg eile, Conchur Mac Siacais, a léirigh an clár faisnéise.
“In aois na nuatheicneolaíochta, tá sé iontach furasta a fhéiceáil go mbíonn tionchar ollmhór ag na meáin, go háirithe na meáin shóisialta, ar an tsochaí,” ar seisean.
“Ní fheidhmíonn aon fheachtas ar líne amháin – caithfidh daoine teacht le chéile chun plé a dhéanamh agus gníomh a bheartú – ach is bealach iontach é chun do scéal a scaipeadh.
“Bhí muid den thuairim go raibh sé tábhachtach ár bpróiseas féachtasaíochta a thaifeadadh agus clár faisnéise a eisiúint a raibh daoine óga iomlán lárnach ann.
“Thug muid ardán do ghnáthdhaoine agus deis do dhaoine óga, oibrithe óige agus gníomhaithe teanga dearcthaí ar leith a chur chun cinn agus a scéal pearsanta a roinnt leis an domhan mhór.
“Bhí an chéad léiriú poiblí den chlár againn Dé Sathairn i mBéal Feirste ag An Dáil Dhearg – tionól oíge do Ghaeil Uladh – agus roinn na daoine óga a scéalta féin ansin chomh maith.”
Tá beagnach 10,000 radharc faighte ag an chlár cheana féin ar líne, léiriú eile ar thionchar reatha An Dream Dearg.
“Cinnte, caithfidh daoine a bheith airdeallach ar úsáid an idirlín ach is léir go bhfuil cumhacht láidir ag an phobal féin anois chun ár scéal féin a scaipeadh, rud nach raibh fíor fiú 10 mbliana ó shin,” arsa Conchur.
“Agus mar a léiríonn an clár fáisnéise, is féidir le gnáthdhaoine a scéal a insint níos fearr ná aon duine eile!”
Tá Katy Rose Mead, dalta i gColáiste Feirste, ina measc sin a ghlac páirt sa chlár.
“Nuair a d’eagraigh muid cruinniú mór oscailte i gColáiste Feirste faoi na giorruithe óige níos luaithe i mbliana, spreag tacaíocht an phobail go mór muid,” ar sise.
“Bhí muid fós feargach ach an mothúchán is mó a ritheann liom ón oíche sin ná bród. Bród as mo phobal.
“D’amharc mé thart an seomra agus bhí daoine ann ó achan chúlra – bhí múinteoirí ann, daltaí, tuismitheoirí, daoine líofa agus daoine gan focal Gaeilge, ach thuig mé ag an phointe sin gurb ann dúinn ar fad agus gur Ghaeil muid.
“Fiú iad siúd gan Ghaeilge, ba Ghaeil iad agus bhí siad ar fad ann ar son na teanga.
“Tá sé tábhachtach an scéal seo thaobh thiar den fheachtas a insint agus a scaipeadh.”
Is féidir coinneáil ar an eolas faoi fheachtas An Dream Dearg ar Facebook agus Twitter.