Níl deireadh le feachtas an ghrúpa an Dream Dearg agus bille ina dtabharfar aitheantas oifigiúil don Ghaeilge á thabhairt isteach in Westminster inniu. Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, urlabhraí an ghrúpa a d’eagraigh an mórshiúl an ‘Lá Dearg’ i mBéal Feirste Dé Sathairn seo caite, inniu go bhfuil “an Dream Dearg fós i mbun gnímh” agus nach bhfuil sa scéala a tháinig aréir faoin mbille teanga “ach an tús”.
Shiúi na mílte daoine i mórshiúl an tSathairn agus iad ag éileamh go dtabharfaí isteach an reachtaíocht teanga a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006. Meastar gurbh é an léirsiú Gaeilge ba mhó é le breis agus céad bliain agus an ceann is mó riamh i mBéal Feirste.
“Dúirt muid [lena raibh i láthair Dé Sathairn] go mbainfeadh muid ár gceart teanga amach agus tá muid beagnach ann. Beidh Acht Gaeilge againn. Sin ráite, titfidh an reachtaíocht seo go mór faoi na gealltanais a tugadh dúinn i gComhaontú Chill Rímhinn, go háirithe nuair a chuirtear i gcomparáid le múnla na Breatnaise í. Ach, is dul chun cinn stairiúil é seo inár bhfeachtas ar son cearta teanga agus aithníonn muid seo mar chloch mhíle shuntasach inár n-aistear i dtreo an chomhionannais anseo.
“Tuigeann Rialtas na Breataine iad féin go bhfuil bunús na reachtaíochta seo ag brath ar thoil pholaitiúil chun go mbeidh feidhm ar bith leis. De bhrí gur chúlaigh an DUP óna ngealltanais an reachtaíocht seo a thabhairt isteach faoi mar a gealladh i Ré Nua Cur Chuige Nua, agus nach bhfuil aon Chéad Aire nó Leas-Chéad Aire againn anseo chun an reachtaíocht seo a chur i bhfeidhm, is gá do Rialtas na Breataine Coimisinéir a cheapadh láithreach ar féidir leo na caighdeáin a fhorbairt. Beidh sin mar an chéad scrúdú litmis do Rialtas na Breataine. Is rud amháin é reachtaíocht a bheith agat, ach is ceist iomlán eile é an reachtaíocht sin a fheidhmiú. Gan an gníomh láithreach sin, ní fiú faic í an reachtaíocht seo,” a dúirt Conchúr Ó Muadaigh.
Dúirt sé gur tharraing feachtas an Dreama Dheirg “aitheantas agus cáil ar fud na cruinne” agus go bhfuil fís an fheachtais á fíorú trí scoileanna a bhunú agus seirbhísí agus tionscadail cheannródaíocha a chur ar bun.
‘An Bille Féiniúlachta agus Teanga’ atá ar an mbille nua a thabharfar isteach in Westminster inniu agus beidh polasaithe a bhaineann le cúrsaí Gaeilge mar chuid di, chomh maith le polasaithe a bhaineann leis an Ultais agus gnéithe éagsúla den fhéiniúlacht sna Sé Chontae. Cuirfear deireadh sa bhille leis an dlí a tugadh isteach in 1737 trína gcuirtear cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh.