An Dúshlán Gaeilge is mó riamh

Tá ‘Gaeilge24’, an dúshlán teanga is mó riamh, á reáchtáil inniu ag Conradh na Gaeilge agus breis agus 30,000 dalta ar fud na hÉireann.

I mbliana tá níos mó ná 320 scoil páirteach san iarracht, a chuireann dúshlán roimh dhaoine óga an Ghaeilge a labhairt ar feadh 24 uair an chloig, agus tá muid ag baint an-sult in oifigí NÓS as na teachtaireachtaí atá ag sruthú ar líne faoin haischlib #Gaeilge24 go dtí seo.


Is í seo an cúigiú bliain den dúshlán uathúil bliantúil seo, agus i mbliana tá níos mó daoine ná riamh ag glacadh páirte ann.

Tarraingíonn Gaeilge24 an teanga isteach i saol dhaoine óga na tíre ar bhealach spraíúil agus ábhartha, dar le Aodán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge, agus tugann sé eispéireas dearfach dóibh maidir le húsáid na Gaeilge.

“Tugann sé misneach domsa go bhfuil 300,000 duine óg fud fad na tíre ag tabhairt faoin dúshlán Gaeilge24 inniu.

“Is méadú 20% ar líon na ndaoine a ghlac páirt anuraidh, rud a thugann le fios go bhfuil níos mó daoine óga compordach a gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga,” ar sé.

Is í aidhm Gaeilge24 ná daoine óga a spreagadh chun Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair a’ chloig i ngach réimse saoil s’acu ar aon lá ar leith: ar scoil, sa bhaile, ag na siopaí agus le gnólachtaí áitiúla, le cairde leo, timpeall an bhaile, sa chlub spóirt, lena muintir agus le múinteoirí.

Dúirt Aodán go bhfuil ról gníomhach ag na rannpháirtithe i ndúshlán Gaeilge24 a bheith ag scaipeadh agus ag spreagadh úsáid na teanga i measc an phobail “pé áit ina bhfuil siad”.

“Chomh maith leis sin, bailítear airgead le cabhrú leis an nGaeilge a chur chun cinn ar an lá, agus bíonn deis ag an bpobal ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa dúshlán ar líne tríd an haischlib #Gaeilge24 a úsáid ar Twitter freisin,” ar seisean.

Dúirt Ciaran Mac Raghnaill, múinteoir Gaeilge i nGairmscoil Droim Sheanbhó, Co.Liatroma gur spreagadh mór a bhí sa dúshlán dá gcuid daltaí.

“Ó tosaíodh Gaeilge24 bhí mo ranganna ar fad ar bís le páirt a ghlacadh sa lá, caithfidh mé a rá go mbaineann chuile duine taitneamh agus tairbhe as an ócáid.”

SCÉALTA EILE