An féidir leithghabháil chultúrtha a dhéanamh ar theanga?

Trí mhí isteach sa bhliain agus chuala ráiteas áirithe cúpla uair ó thosnaigh sí — “ní féidir leithghabháil chultúrtha a dhéanamh ar theanga”. Níor mhiste tús a chur le díospóireacht ar an ábhar le cúpla tagairt don tslí inar deineadh leithghabháil chultúrtha ar theangacha sa stair.

Glactar leis, mar shampla, gur tréaniarracht institiúideach a dhein na Stáit Aontaithe ó thaobh na gcultúr bundúchasach a dhíothú mar chuid den togra stáit a dtugtar an Chinniúint Fhollasach, nó The Manifest Destiny, uirthi. Ach níor mhiste le hArm na Stát céanna úsáid a bhaint as teanga na Chahta i rith an Chogaidh Mhóir nuair a d’oir sé – tá Chahta dar ndóigh i mbéal an phobail i láthair na huaire agus aird na tíre tarraingthe ag an Taoiseach Leo Varadkar ar an tslí ar tháinig an náisiún bundúchasach úd i gcabhair ar mhuintir na hÉireann le linn an Drochshaoil agus é ar chuairt Lá Fhéile Pádraig go Meiriceá.

Deinim amach mar sin gur féidir a rá go mbíonn leithghabháil chultúrtha i gceist i gcúrsaí teanga. “Is féidir linn,” a dúirt Barack Obama, agus úsáid spraoi chuí á baint as an nGaeilge aige le hidé-eolaíocht dhearfach a uachtaránachta féin a chur i dtuiscint do mhuintir na hÉireann. Ní raibh aon díobháil sa mhéid sin, ach cad mar gheall ar an Trumpaire, agus tvuít dar chuir sé anuraidh amach in ómós, mar dhea, dúinn?

Siúrálta, dea-phoiblíocht don nGaeilge ab ea é, agus siúrálta, bhíos-sa mar oide ábalta adhmad a bhaint as an tvuít chéanna d’fhonn ceist an tséimhithe chontráilte a tharrac anuas i gcomhthéacs ranga. Ach baineann sé de dhifríocht leis an méid seo seachas iarracht Obama ná gur bhraitheas go raibh mailís i ngiolc an Trumpaire.

Fiú agus é ag fógairt aríst i mbliana go mbeadh mí an Mhárta trí chéile ina ócáid chun aitheantas a thabhairt dá fheabhas mar atá curtha ag muintir na hÉireann le sochaí Mheiriceá, deirtear nach ar mhaithe le muintir na hÉireann in aon chor atá sé, agus go mbaineann an chaint seo ar fad uaidh lena thogra ciníoch ó thaobh bonn a bhaint de ghaiscí na gciníocha a mbeadh dath craicinn dorcha orthu.

Ar mhaithe leis féin a bhíonn an cat ag crónán, a dhuine. Deineadh leithghabháil chultúrtha ar an nGaeilge laistigh dár Stát féin, leis. Deineadh ionannú cúng idir í agus an creideamh Caitliceach nuair a bhain Éire neamhspleáchas amach di féin sa tslí gurbh é Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí slat tomhais ghramadúil na scoileanna náisiúnta – áit inar fhás fuath don nGaeilge i gcroíthe go leor dá bharr sin. Táimid faríor fós ag streachailt le hiarbhearta na staire seo atá ina mórchuid den chúis go bhfuil oiread deacrachtaí ó thuaidh i láthair na huaire ó thaobh Acht a bhaint amach don Ghaeilge a gcuireann daoine ó chlaontaí polaitiúla síos uirthi mar theanga Phápach.

Is maith agus is tábhachtach dá bhrí sin iad leithéidí KNEECAP a bhaineann leas ar fónamh as an gceol d’fhonn a léiriú gur daoine seachas idé-eolaíochtaí a labhrann teangacha, léiriú á thabhairt ar feadh an ama acu ar chomhthéacsanna úra ina bhfuil an Ghaelainn á labhairt agus á húsáid. Ní haon “leithghabháil chultúrtha” atá sa mhéid sin ach “athghabháil chultúrtha”, agus mar a dúirt an Cadhnach mór, “sí an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge”.

SCÉALTA EILE