An Ghaeilge scríofa agus labhartha – ró-éagsúil lena chéile?

Beidh eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, ar phainéal cainte amárach ag a bpléifear na difríochtaí idir an Ghaeilge mar a labhraítear í agus an Ghaeilge mar a scríobhtar í. Beidh an plé ar bun mar chuid de Scoil Samhraidh an Phiarsaigh atá ar siúl faoi láthair i nGaeltacht Chonamara. 

Is í Eimear Ní Chonaola, ó Nuacht RTÉ/TG4, a bheidh sa gcathaoir don phlé. Ar an bpainéal in éineacht le heagarthóir NÓS, beidh Cuan Ó Seireadáin, Coimeádaí Chonradh na Gaeilge, Siobhán Ní Ghadhra, Léiritheoir Feidhmiúcháin ar Ros na Rún agus ball boird TG4, agus Máire Ní Neachtain, Ceann na Roinne Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál. 

Labhróidh lucht an phainéil faoina dtaithí féin, ina réimsí éagsúla, leis an nGaeilge scríofa agus an Ghaeilge labhartha, agus na difríochtaí agus cosúlachtaí a bhraitheann siad a bheith eatarthu. I ndiaidh don cheathrar a gcuid cainte chur díobh, tabharfar deis don lucht féachana ceisteanna a chur agus smaointe a roinnt.

Tá an plé á reáchtáil mar chuid de Scoil Samhraidh an Phiarsaigh, a bunaíodh trí bliana ó shin le comóradh a dhéanamh ar Phádraic Mac Piarais agus an fhís a bhí aige maidir leis an nGaeilge, cothú na teanga, an Ghaeltacht, an cultúr, an t-oideachas, an litríocht agus go leor eile. 

Cuirfear tús leis an Scoil Samhraidh tráthnóna ag 6.45 in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc agus beidh imeachtaí ar siúl ansin agus in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) anocht agus amárach.

I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl, beidh cur i láthair maidir le ‘Bailiúchán na Scol’, bailiúchán béaloidis a cnuasaíodh sna 1930idí i mbunscoileanna an tSaorstáit. Is é an file Jackie Mac Donncha a bheidh i mbun na cainte ar an ábhar sin tráthnóna. Beidh na ceoltóirí áitiúla Johnny Óg Connolly, Pádraig Ó Dubhghaill, Luisne Ní Neachtain, Brian Terry Mac Donncha, an damhsóir Charlie Ní Mhainín agus an t-amhránaí Róisín Ní Shúilleabháin in Ionad an Phiarsaigh anocht, freisin, le siamsaíocht a chur ar fáil. 

Maidin amárach, cuirfear tús leis na himeachtaí i Seanscoil Sailearna, áit a mbeidh an plé faoin nGaeilge ar siúl, chomh maith le cur i láthair ón ngarraíodóir aitheanta Aonghus Ó Coistealbha, a bhunaigh ‘An Garraí Glas’ — feilm orgánach in Indreabhán. 

Déanfaidh daltaí ó Scoil Bhriocáin i gconamara aithris ar fhhilíocht Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha agus beidh cur i láthair ann freisin ó Mháirtín Davy faoin saol a bhí ag an bPiarsach i Ros Muc breis agus céad bliain ó shin.

Ar deireadh, beidh deis ag lucht freastail na Scoile Samhraidh turas treoraithe a thabhairt timpeall sheit an tsobaldráma cháiliúil Ros na Rún sa Spidéal. 

Tá chuile imeacht ar fáil saor in aisce ach ní mór teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae na Gaillimhe, eagraithe na scoile, le háit a chur in áirithe ann. 

SCÉALTA EILE