Blianta ó shin anois, nuair a bhíodh a ndinnéar ag Éireannaigh ag meán lae, bhí agam agus ag eagarthóir an tsuímh seo clár ar Raidió Fáilte dar teideal Na Giollaí Deacra (na giollaí is deacra in Éirinn dála an scéil).
Bhí sé ar cheann de na píosaí oibre is fearr dá ndearna mé riamh go dtí an lá atá inniu ann.
Cinnte, fásann tú mar láithreoir is mar iriseoir ach is doiligh an óige a shárú agus cailltear go leor ar an bhealach.
Cibé ar bith, lá amháin tháinig mé ar léirmheas (dearfach) ar an chlár ar bhlag Mháirtín Uí Mhuilleoir (nó @newbelfast mar a thugtar air i saol na linne seo).
Ach bhí rud scríofa sa léirmheas a bhain geit asam.
Rinne sé cur síos orm mar ‘ghníomhaire Gaeilge’.
Nach mé a bhí náirithe óir char smaoinigh mé orm féin mar ghníomhaire ar chor ar bith.
Ní hé go raibh mé cosúil leis na Gaeilgeoirí ardnósacha sin a shíleann go bhfuil siad níos fearr ná na ‘fanaicigh’ údaí a throid ar son jab s’acu a chruthú dóibh sa chéad dul síos.
Chan é sin in aon chor.
Bhí mise ag iarraidh a bheith i mo ‘ghníomhaire’ gan amhras ach déarfainn nach raibh maitheas ar bith ionam.
Cinnte, bhí agus tá go leor smaointe agam ach gan an cumas iad a chur i gcrích riamh, nó le bheith níos beaichte faoi, gan an cumas ionam daoine nó triúr a thabhairt liom.
Mar sin féin, chan fhuil agam ach seacht mbliana déag is scór go seadh, b’fheadfaí go ndéanfainn rud éigin fiúntach sula n-imeoinn liom go dtí an Ghaeltacht sin thuas sna spéartha.
An dtuigeann tú a léitheoir, bhí íomhá agam de ‘ghníomhaire’ i mo chloigeann agus bhí náire orm smaoineamh go gceapfadh aon duine acu sin go raibh sé de shotal ar mo leithéid ‘gníomhaire’ a thabhairt orm féin.
Mar Ghaeilgeoir a chuaigh in aibíocht i mBéal Feirste (próiseas fós ar siúl, tá a fhios agam) bhí sé de phribhléid agam buaileadh le mo ‘laochra’.
Tá mé ag caint orthu siúd a choinnigh doirse Chumann Chluain Ard oscailte nuair nach raibh sé faiseanta (lán hipsters atá sé anois, creidim).
Na daoine a thóg Gaeltacht Bhóthar Seoighe lena lámha féin.
Daoine a chuir borradh faoin Ghaeloideachas ó thuaidh.
Agus ar ndóigh iad siúd a bhunaigh traidisiún úr iriseoireachta Gaeilge i mBéal Feirste.
Ba iad sin na gníomhairí.
Iad siúd nár dhúirt é ach a rinne é, agus a thug neamhaird ar lucht an díomuachais agus iad siúd a bhfuil ‘ní féidir’ mar mhana acu.
Cha dtearn mise a dhath ar bith cosúil leis na rudaí sin i mo shaolsa.
Seadh, bhí post ‘Gaeilge’ nó dhó agam – ach sin post.
Domsa, caithfidh tú a bheith deonach le bheith i do ghníomhaire, ag obair ar son cúise as do stuaim féin seachas bheith iomlán íoctha as.
Inniu, tá mé i mo chónaí i mo pharóiste dúchais agus ba bhreá liom a bheith i mo ghníomhaire ach níl a fhios agam má tá an t-am agam a bheith gníomhach ar son na Gaeilge.
Tá mé chomh gnóthach sin ag iarraidh a bheith beo inti mar theanga laethúil.
Tá rudaí ag tarlú agus is beag mo pháirt iontu faraor.
Cinnte, bím ag teagasc Gaeilge uair sa tseachtain, déanaim Nuaíocht Oirialla agus tá páirt bheag agam i dtograí le freastal ar theaghlaigh lán-Ghaeilge sa cheantar.
Ach is fíorbheagán é sin.
Mothaím an-chiontach, bréagach fiú.
Ach tá dhá post agam agus is fear teaghlaigh mé.
Is gá dom rud beag aclaíochta a dhéanamh le smacht a choinneáil ar an phlúchadh chomh maith.
Cad is féidir liom a dhéanamh?
Ar ndóigh, nach í an aisling nach mbeadh ar an chéad ghlúin eile de Ghaeilgeoirí a bheith chomh gníomhach agus a bhí glúnta go dtí seo.
B’shin a dúirt saoi nó dhó i mBéal Feirste liom ach tá mé in amhras an dtiocfaidh an lá sin sa chéad bhliain atá amach romhainn.
Chuir mé fúm sa Ghaeltacht ar feadh ceithre bliana – cha raibh mé gníomhach ar chor ar bith ar cheist na Gaeilge, caithfidh mé a admháil.
‘Focal salach’ a bhí ann sa téarma sin sa Ghaeltacht.
Bhí scoth na ngníomhairí ann ach mhothaigh mé go ndearnadh iarracht iad a chur ina dtost.
Ach nuair a d’éist mé le daoine ag rá “níl muid ag iarraidh a bheith ina bpobal de ghníomhairí,” tháinig chugam focal Aragorn ón leabhar ‘Lord of the Rings‘.
“Tá cogadh á fhearadh ort, má théann tú sa bhearna baol nó nach dtéann.”
Cad fútsa a chara Gael, an gníomhaire tú?
Cá bhfaighidh muid an t-am na focail a athrú ina ngníomh?