Pléann Ciarán Dunbar canúintí na Gaeilge agus an brú atá ar theangacha áitiúla ar mhór-roinn na hEorpa…
Cha déanaim dearmad choíche ar a raibh le rá ag an Ollamh Brian Ó Cuív ar chúrsaí canúna ina léacht chlúiteach, ‘Irish Dialects and Irish Speaking Districts’.
Agus é ag scríobh i mBéarla, mhínigh sé:
“ag deireadh an 16ú Céad… d’fhéadfaí tosú i gCarn Uí Néid i gCorcaigh nó ag Tigh Mhóire i gCiarraí agus taisteal ó thuaidh go Contae Aontroma agus ar aghaidh go hAlbain agus a bheith ag bualadh le cainteoirí Gaeilge amháin.
“Anois, idir Ghaeilge Chorcaí nó Chiarraí agus teanga Earra-Ghaidheal, bhíodh difear mór ann, agus dá leanfadh mo thaistealaí hipitéiseach ar aghaidh a bheith ag caint Gaeilge Chorcaí i nGaeltacht na hAlban d’aithneofaí é mar dhuine as réigiún aisteach atá fada ar shiúl.
“Ach dá mbeadh an bua aige chun foirmeacha cainte nua a fhoghlaim agus chun éirí as sean-chinn de réir mar a chuaigh sé ar aghaidh, ghlacfadh Gaeil na hAlban mar chomh-Ghael Albanach é.
“Ach is ar éigean gurbh fhéidir leis féin a rá cá huair ar thréig sé Gaeilge Chorcaí, mar ní hionann teorainneacha teanga agus teorainneacha riaracháin ná polaitiúla.”
Tá go leor bearnaí sa turas siúil sin inniu faraor.
Seans gur féidir é go fóill, cé go mbeadh difríochtaí go leor idir Gaeilge Fhanada agus Ros Goill agus canúint Chinn Tíre agus Íle – dá mbeadh an t-ádh ort cainteoirí dúchais a aimsiú fiú.
Dála an scéil, tá fear óg darb ainm Ádhaimh Ó Broin ag tógáil a chlainne le Gaeilge Chomhghaill, iar-Ghaeltacht an-ghar do Ghlaschú féin.
Dá leanfadh díograiseoirí dá leithéid ar aghaidh lena gcuid oibre thógfadh sé droichead tuisceana suntasacht idir caint na hAlban agus teanga na hÉireann.
Ach cibé ar bith, tháinig ráiteas an Ollaimh Uí Chuív ar ais i mo chuimhne ag deireadh na seachtaine seo caite agus mé ag cur mo láimhe sa sneachta thuas ag Bearnas Mór San Bearnard, ard sna hAlpa idir an Iodáil agus an Eilvéis.
Bhí sé de rath orm a bheith ag taisteal ó Basel, tríd an Alsáis go Besançon sa Fhrainc go Ligura san Iodáil agus ar aghaidh uaidh sin go Gallura na Sairdíne.
Mar an gcéanna leis an Ghaeltacht, uair amháin den tsaol thiocfadh le taistealaí Uí Chuív taisteal ón tSicil go dtí an Bheilg ag foghlaim leis de réir a chéile.
Teanga dhifriúil (ach gaolta) a bheadh á labhairt aige nó aici ag an deireadh ach cén uair ar athraigh sé agus cá raibh teorainneacha teanga? Cá bhfios.
Ní bheadh aon chiall lena bheith i mbun argóna faoi, ábhar ‘acadúil’ amháin a bheadh i gceist, agus fiú ansin ní bheadh aon úsáid le teorainneacha stáit.
Ach níl sé chomh fíor is a bhí sé agus tá an lá ag teacht nach mbeidh aon fhírinne ann.
Níl sé cosúil le cás na Gaeilge, níl aon bhearnaí ann ach tá bacanna ann, cé nach bhfuil siad le feiceáil inniu.
Tá canúintí agus teangacha na Fraince ar an dé deiridh, agus buaileann siad leis an Iodáilis mar a bheadh strainséirí iontu seachas col ceathracha.
Tá canúintí atá níos cosúla leis an Fhraincis ná an Iodáilis féin fós a labhairt san Iodáil, in Valle d’Aoste mar shampla, ach fiú ansin labhraíonn níos mó daoine Fraincis chaighdeánach mar go bhfaigheann daoine oideachas trí mheán na Fraincise agus na hIodáilise.
Go traidisiúnta, bhí leanúntas nó contanam teanga idir Franc-Phroibhinsis agus lenga piemontèisa i bPíodmant i dTuaisceart na hIodáile.
Tá teangacha áitiúla na hIodáile (nó dialetti mar a thugtar orthu) i bhfad níos láidre ná mar atá canúintí na Fraince (nó patois mar a thugtar orthu sin), ach títear dom go bhfuil siad ag fáil bháis chomh maith.
Cinnte, tá siad iontach láidir anseo is ansiúd ach is léir dom go bhfuil siad ag tuaslagadh san Iodáilis, teanga na scolaíochta agus, níos tábhachtaí arís, teanga na teilifíse.
Tá sé tábhachtach a thuiscint cad is Iodáilis ann.
B’ionann an Fhraincis i dtús ama agus canúint an cheantair thart ar Pháras, leis an scéal a shimpliú go mór.
Chan ionann é sin agus cás na hIodáilise mar go bunúsach is ionann an Iodáilis agus canúint scríofa – arbh as Flórans dó – agus canúint an leabhair chlúitigh le Dante, ‘Comedìa’.
Níor léigh mé riamh é, ach glacaim go bhfuil sé an-mhaith ar fad.
Chun comparáid a dhéanamh leis an tír seo, b’ionann í agus Gaeilge an Chéitinnigh a ghlacadh mar chanúint scríofa agus labhartha na hAlban agus na hÉireann araon.
Moladh sin ag tús na hAthbheochana agus cáineadh é, ach is fiú cuimhneamh gur ar éigean go raibh duine ar bith ann a raibh Iodáilis chaighdeánach labhartha acu 150 bliain ó shin.
I saol na linne seo is ar éigean go bhfuil Iodálach ar bith ann gan í, cé go bhfuil siad fós ann, féadaim a dheimhniú.
Chuirfeadh sé iontas ar dhaoine ach is minic a bheadh sé níos éasca d’Iodálach Spáinnis a thuiscint ná canúint Iodálach éigin nach bhfuil fios acu uirthi.
Ach níor chuala mé daoine ag labhairt in ‘dialetto’ ach cúpla uair agus mé san Iodáil an iarraidh seo, agus fiú i gcás acu sin, cúpla focal siombalacha a bhí i gceist leis an fhírinne a rá.
San áit ina mbím ag fuireach in Liguria níor chuala mé daoine ag caint sa teanga áitiúil le páiste ach uair amháin.
“Seandaoine amháin a labhraíonn sa chanúint,” a dúradh liom go minic.
Náisiúin agus náisiúnachas a mharaíonn éagsúlacht agus saibhreas labhartha an chine daonna.
Ach ní fiú a bheith ró-rómánsúil agus neamh-phraiticiúil – tuigim go maith go mbíonn teanga náisiúnta amháin de dhíth ar stát má tá sé chun feidhmiú.
An Eilvéis amháin an t-aon áit nár tharla sin san Eoraip is dócha ach fiú sa chás sin tá an ceathrú teanga oifigiúil sa tír, An Rómainis, ag fáil bháis.
Mar sin féin, ní gan osna a chluinim faoi theangacha áitiúla na hEorpa ag dul in éag.
Sílim gur trua é.
Is cuimhin liom ceist a chur ar sheanathair san Iodáil, “nach bhfuil amhráin thraidisiúnta agaibh?”
“Tá,” a dúirt sé, “ach tá siad ar fad in ‘dialetto’” – amhail is nach féidir iad a chanadh go poiblí níos mó.
As na daoine ar fad a bhfuil aithne agam orthu as mór-roinn na hEorpa, is ar éigean go labhraíonn éinne acu an teanga chéanna lena ngarpháistí is a labhair a sean-tuismitheoirí leo.
Ach má tharraingíonn teangacha caighdeánaithe náisiúin le chéile, títear dom gur tharraing canúintí an mhór-roinn le chéile tráth.
Agus an todhchaí amach romhainn?
Seans go dtréigfí an Fhraincis agus an Iodáilis féin amach anseo mar, a láidre is atá siad, is é ceol Béarla a bhíonn le cloisteáil thar aon cheol eile sa dá thír, agus i mórchuid na dtíortha eile san Eoraip.
An í Béarla na Bruiséile an Laidin nua a dhéanfaidh léirscrios orthu?
Is maith an scéalaí an aimsir ach ba bhinne sin le mo chluasa ná an ‘Chalafoirnis’ úd a bhí like á labhairt in like Aerphort Bhaile Átha Cliath i mblas aisteach nuair a tháinig mé abhaile.
Go sábhálfaí Dia sinn más í sin an chanúint a bheas againn in Éirinn amach anseo.
Anois, mar a deirtear in Ponsanaro… A se rsentin.