An dtabharfaidh na Gaeil cead do na meáin Bhéarla sa tír seo ár bpobal a shainmhíniú dúinn? An ligfidh muid daofa a rá cé muid féin? Ní ligfidh dár ndóigh, déanfaidh muid féin é sin. Agus tá gléas orainn é a dhéanamh.
Nuair a deir amadán amháin d’iriseoir rud sna meáin Bhéarla le cur isteach orainn tosaímid ag troid leo.
Is gaiste é seo. Agus gabhadh muid uilig ann uair nó dhó.
An patrún a bhíonn ann ná: scríobhann nó deir iriseoir nó láithreoir raidió rud éigin ag caitheamh anuas ar an teanga agus tosaíonn muidinne ag cosaint na teanga; ansin tig duine ó phobal an Bhéarla isteach lena thuairimí féin a chur in iúl, cuid acu i bhfabhar na teanga, cuid acu ina héadan.
Déanann seo dochar leanúnach do stádas na teanga sa tír seo agus cuireann sé lagmhisneach ar lucht a labhartha. Dá mbeinn le tomhas a dhéanamh ar cad chuige a ndéanann na mórmheáin chumarsáide ionsaí orainn déarfainn toisc go bhfuil sé furasta acu é a dhéanamh.
Díreach mar atá sé furasta acu ionsaí a dhéanamh ar mhionghrúpaí eile ar nós pobal eitneach, lucht taistil, lucht cosanta timpeallachta nó lucht rothaíochta go fiú.
Tá siad beo ar choimhlint. Seo a dhíolann a nuachtáin agus sin a choinníonn na fógraí, agus dá réir sin, an t-airgead ag teacht isteach.
Taobh amuigh de seo, is fusa dul i bhfeidhm ar phobal le bréagdhóchas na n-earraí tráchtála nuair nach bhfuil oideachas, stair, cultúr ná teanga dá gcuid féin acu.
Mar a dúirt Seosamh Mac Grianna (i gcomhthéacs eile):
“Nuair a thiocfadh glún a bheadh chomh hamaideach le trumpa gan teanga b’fhurasta a dhul i gceann an Bhéarla.”
Méan Cumarsáide Saor Láidir, Gaelach atá uainn
Má tá muid le muid féin a chosaint ní mór dúinn ár láidreachtaí a fhorbairt. Tá lear mór cuideachtaí meán againn atá ag déanamh gaisce in ainneoin na n-ainneoin. Caithfidh muid tacaíocht a thabhairt do TG4, RnaG, Tuairisc.ie, Raidió na Life, Raidió Fáilte, NÓS, Comhar, Feasta, An tUltach, Mionlach agus eile. Caithfidh muid an Ghaeilge a labhairt go poiblí, go hard, go hoscailte, gan náire, gan leithscéal. Caithfidh muid cultúr ailtéarnach láidir a chruthú in Éirinn a bheidh feiceálach, muiníneach, bródúil. Níl aird na meán Béarla ag teastáil uainn ach tá cuid againn ag dúil go mór le haitheantas a fháil uathu. Cad chuige?
An té nach trua leis do chás ná déan do ghearán leis
Is cur amú fuinnimh a bheith ag iarraidh dul i bhfeidhm ar mhórphobal an Bhéarla trí dhíospóireachtaí a dhéanamh le biogóidí. Cad é a bheadh sna díospóireachtaí teilifíse agus raidió seo faoin Ghaeilge dá ndiúltódh na Gaeil amharc orthu ná páirt a ghlacadh iontu ach broim sa ghaoth. Racht gambúin ó fhir chrosta shearbha nach bhfuil a dhath ar bith níos fearr le déanamh acu ach an sásamh a bhaint as saol duine eile le caint bhaoth bhómánta nimhiúil shuarach ghránna.
Nuair a dhéanann muid atweetáil ar na scéalta seo, nuair a chuirimid glaoch ar na stáisiúin raidió tráchtála Bhéarla seo, nuair a dhéanaimid díospóireacht leo ar an teilifís, nuair a amharcaimid ar a gcláracha, nuair a léimid na hailt nimhiúla, cuirimid lena lucht éisteachta, féachana, agus léitheoireachta, cuirimid leis an méid cliceanna a fhaigheann siad agus leis an bhrabús a fhaigheann siad dá réir. Ní hamháin sin ach laghdaímid lucht féachana agus éisteachta agus léitheoireachta na meán Gaeilge agus, dá réir sin, a gcumas airgead a thuilleadh. Mar is sinne an sprioclucht féachana don dá dream!
Ach níos tromchúisí ná sin uilig, tig lagbhríocht, beaguchtach, easpa dóchais, easpa misnigh agus fearg ar ár bpobal ar léamh na scéalta seo dúinn.
Ní Neart go Cur le Chéile
Ba dheas dá mbeadh níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge in Éirinn ach i ndáiríre ní fás phobal na Gaeilge an rud is práinní atá againn le déanamh. An rud is gá dúinn a dhéanamh ná ár bpobal a aontú. Iad a aontú taobh thiar de ghluaiseacht láidir a bhfuil sprioc shoiléir aici — acmhainní níos fearr don ghlúin óg agus don ghlúin atá ag teacht inár ndiaidh a bhaint amach, níos mó seirbhísí meán cumarsáide, níos mó irisí, leabharthaí, aipeanna, scannán agus cláracha teilifíse, níos mó post, scoileanna, agus oideachas tríú leibhéal.
Chun seo a bhaint amach ní mór dúinn tacú leis na meáin Ghaeilge agus tógáil orthu – príomhghuth cumarsáide na nGael anseo in Éirinn agus níos faide i gcéin.
Ceannaigí Comhar, Feasta, Mionlach! Éistigí leis na stáisiúin raidió Ghaeilge! Léigí leabharthaí Gaeilge! Déanaigí bhur gcuid poiblíocht sna meáin Ghaeilge! Amharcaigí ar TG4! Bainigí sult as na meáin Ghaeilge! Glacaigí páirt sna meáin Ghaeilge! Déanaigí clár raidió ar an stáisiún áitiúil Gaeilge! Cuirigí bhur bpáistí ag amharc ar na cláir ar TG4! Bígí ag tweetáil i nGaeilge agus bígí ag scríobh i nGaeilge ar Facebook!
Nuair a bheidh na meáin chumarsáide láidir cumhachtach againn agus pobal de 100,000 duine ar bhonn laethúil mar lucht féachana, éisteachta agus léitheoireachta acu is ansin a bheidh aird ag an rialtas orainn agus is ansin a bheidh luach lenár vóta agus lenár dtuairim.
Tá sé fúinn an fhorbairt seo a dhéanamh.