An nglacfaidh tú páirt in #Dúshlán?

Gach bliain baintear triail as imeachtaí nua le linn Sheachtain na Gaeilge ach seo ceann de na cinn is nuálaí go dtí seo.

Comórtas náisiúnta é #Dúshlán atá dírithe ar mhic léinn sna Cumainn Ghaelacha 3ú leibhéal, mar aon le daltaí meánscoile, agus a bhfuil sé mar aidhm aige iad a chur i mbun feachtais ar son na Gaeilge ar bhealach spraíúil.

Is é dúshlán an t-ainm cuí ar an chomórtas seo mar go bhfuil 50 gníomh ar leith le déanamh ag na rannpháirtithe, ar fad taobh istigh de 50 uair an chloig, agus bailítear pointí de réir mar a chomhlíontar na gníomhartha.

Beidh an bua ag na foirne a ghnóthaíonn an líon is mó pointí.

Ceadaítear triúr ar gach foireann agus beidh orthu tabhairt faoi dhúshlán ar nós altanna ó na meáin Ghaeilge a roinnt ar líne, chomh maith le go leor gníomhartha eile a bhaineann le seirbhísí Gaeilge a éileamh nó rudaí spreagúla a dhéanamh inár dteanga féin.

postaer-dushlan

Is idir 12:00 Dé Máirt 3 Márta agus 14:00 Déardaoin 5 Márta atá na dúshláin le déanamh agus tá duaiseanna iontacha le baint, ina measc iPadanna Mini, dearbháin €100 agus corn don choláiste agus don scoil is fearr.

Is gá clárú roimh ré chun páirt a ghlacadh sa chomórtas ceannródaíoch seo mar sin tabhair cuairt anois ar cnag.ie/dushlan agus ádh mór oraibh… beidh muid ag súil go mór le bhur n-eachtraí a leanúint ag tús mhí Mhárta!

SCÉALTA EILE