An phleanáil teanga faoi bhagairt

“Tagann obair na pleanála teangan go mór faoi bhagairt ón ngeo-eacnamaíocht éagothrom dhomhandaithe, ón imeascadh i dtreo an láir, agus ón domhandú soch-chultúrtha,” arsa Jean Léo Leonard i réamhrá an chnuasaigh aistí is déanaí ar ar chuir sé eagar, Revitalisation et documentation des langues en danger (2015).

Tuigeann cainteoirí Gaeilge gurb amhlaidh mar atá an scéal.

Is truamhéalach an cuntas atá le fáil, mar shampla, in The Speckled People (2003) ar shaol an pháiste a thógtar le mionteanga sa suíomh uirbeach in Éirinn.

Is é atá ann ná úrscéal dírbheathaisnéiseach le Hugo Hamilton a d’fhulaing bulaíocht fhuilteach fhoréigneach lena óige de bharr a chúlra teangeolaích.

Ó Chorcaigh ab ea a athair, Seán Ó hUrmoltaigh, agus phós sé sin Gearmánach mná sa tslí is gur le Gaeilge agus Gearmáinis a tógadh an chlann leanaí a saolaíodh dóibh i mBaile Átha Cliath.

Chreid an t-athair go láidir i bhfís an díchoilínithe in Éirinn, agus ba mhinic racht feirge a theacht air i ngeall ar na bearta ar fad gan déanamh ina thír féin.

Tá sé le rá chomh maith faoin bhfear céanna, áfach, gur athair brúidiúil a bhí ann, agus is féidir ceangal a dhéanamh amach sa leabhar idir bruidiúlacht an athar ar a chlann, a dhiúltaigh i ndeireadh thiar don Ghaeilge, agus brúidiúlacht an stáit chaipitligh i leith cainteoirí Gaeilge.

Cuirim i gcás an méid seo gur thug an Bord Soláthar Leictreachais bata agus bóthar don Urmoltach dána nuair a dhiúltaigh sé freagra a thabhairt ar litreacha a chuirtí go dtína oifig faoin leagan galldaithe dá ainm – is é a dúradh leis agus é á bhriseadh as a phost ná nach raibh an Ghaeilge oiriúnach do chúrsaí gnó.

Ainneoin na bolscaireachta oifigiúla stáit ó thaobh an Ghaelachais, mar sin, ní rabhthas sásta tacú leis an saoránach seo ar theastaigh uaidh go léireofaí meas ar a ainm Gaelach.

Ní tógtha ar an té a chreidfeadh, i bhfianaise eachtraí den chineál sin, go bhfuil bac suntasach á chur ar iarrachtaí i dtreo pobal inchreidte teangan a bhunú san áit a dtugtar an Ghalltacht uirthi, agus níl sé de chuma ar an scéal go bhfuil cúrsaí pioc níos fearr sa Ghaeltacht, mar a ndéantar beag is fiú laethúil d’iarrachtaí na n-eagraíochtaí agus na ndaoine aonair a shaothraíonn leis an nGaeilge a chosaint agus a chothú mar theanga phobail inbhuanaithe.

gaeltacht-comhartha

Tá fianaise air sin againn go deireanach sa tsraith fhógraí gearra teilifíse ón gcomhlacht Land Rover a dhírigh isteach ar chlubanna beaga rugair ar fud an domhain mar chuid d’fheachtas margaíochta Chorn an Domhain 2015.

Iodáilis faoi anáil shuaithinseach na Toscáine a chloistear sa bhfógra a taifeadadh ar thailte láibeacha an chlub ó Siena a ghlac páirt sa tsraith, fo-theidil Bhéarla ar fáil dóibh siúd nach dtuigfeadh an teanga áitiúil.

Béarla amháin a chloistear ó Rugbaí Chorca Dhuibhne, dar ndóigh, an t-aon chlub Éireannach sa tsraith, agus club Gaeltachta lena chois, ar cainteoirí Gaeilge roinnt mhaith de phainéal na foirne.

Nach cuma, a déarfadh duine leat, ach is é an dainséar a bhaineann lena leithéid de léiriú ar shaol na Gaeltachta sna meáin ná go soláthraíonn sé armlón do líon na n-iriseoirí ar síormhian leo a thabhairt le fios nach labhartar Gaeilge sa Ghaeltacht.

Níor tapaíodh an deis íomhá agus poiblíocht an-dearfach a thabhairt don Ghaeilge, mar sin, ach cuireadh gnéithe dearfacha eile d’fhéiniúlacht Chorca Dhuibhne chun cinn mar sin féin; an tírdhreach fíorálainn, ceol agus spiorad an phobail tuaithe.

Tá nithe eile sa bhfógra, áfach, a dtabharfadh Albert Memmi, criticeoir iarchoilíneach, spéis dóibh.

Gan oiread agus focal Gaeilge le clos ó thús deireadh, níor leasc leis an stiúrthóir eascainí anglafóin na n-imreoirí a chur isteach sa léiriú seo ar mhuintir Chorca Dhuibhne.

Déantar tagairt chaolchúiseach, leis, do scaiptheacht steiriótipiciúil an Éireannaigh, agus baill éagsúla an phobail á léiriú i mbun go leor dátaí míchruinne a thabhairt agus iad ag iarraidh cuimhneamh ar an ócáid dheireanach ar ar bhuaigh rugbaí Chorca Dhuibhne aon chraobh.

Is amhlaidh gur fada ó buadh éinní, ach gur róchuma leis na hÉireannaigh ghiodamacha mheidhreacha a rachaidh chun cóisire is cuma conas mar a bhíonn acu ar an bpáirc imeartha.

Seanghearán de chuid Roy Keane é sin dar ndóigh – criticeoir iarchoilíneach eile, b’fhéidir?

Agus go deimhin, tá, mar bharr ar gach donas anseo, nod don tseandúil Éireannach san ól, agus radharc á thabhairt sa bhfógra ar an bhfoireann agus iad bailithe le chéile sa tigh tábhairne i ndiaidh an chluiche.

Is é is dochúla a bheadh le rá ag Memmi ina thaobh seo ar fad ná gur suibiachtaí coilíneacha iad seo a bhfuil inmheánú déanta acu ar réamhthuairimí diúltacha na gcoilíneach, agus a dhréimeann dá réir sin le haithris a dhéanamh orthu, d’fhonn agus iad a shásamh.

Don té gur spéis leis a thuilleadh a léamh ó Memmi, agus as Gaeilge, dála an scéil, léadh sé an méid a bhí le rá ag Tomás Mac Síomóin in alt a fhoilseofar mar chuid den fhoilseachán Meanmanra 2015 a sheolfar Dé Sathairn seo, 19 Samhain, i gClub na bPíobairí Uileann.

Is í an teachtaireacht láidir ghruama a eascraíonn as an dá eachtra thuas ná go bhfuil an Ghaeilge olc do chúrsaí gnó, ach gur fiú na milliúin é an stage Irishman.

Is fíor anois gur cúinsí eacnamaíocha is mó a shocraíonn an tslat tomhais a bhíonn ag idir rialtais, phobail, theaghlaigh, agus an duine aonair i leith an chultúir agus a ngabhann leis de theangacha is de cheol, agus is olc an teist í sin ar an tsibhialtacht dhaonna lenár linn.

SCÉALTA EILE