An Pop Up Gaeltacht ‘oifigiúil’ deireanach le reáchtáil anocht i mBaile Átha Cliath

Beidh an Pop Up Gaeltacht ‘oifigiúil’ deireanach á reáchtáil anocht in Taylor’s Hall Tavern ar an tSráid Ard sna Saoirsí. Chuir Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha an “turgnamh sochtheangeolaíochta” ar bun ag deireadh na bliana 2016 agus an aidhm acu “muintir na teanga i mBaile Átha Cliath a chruinniú le chéile áit éigin neamthraidisiúnta do na Gaeil”.

Scaipeadh coincheap na himeachta ó cheann ceann na tíre agus i bhfad níos faide i gcéin i gcaitheamh na sé bliana go leith ó chruinnigh na Gaeil le chéile ag an gcéad eagrán den Pop Up sa Bar Rua ar an 24 Samhain 2016. Tá na hoícheanta ‘oifigiúla’ a n-eagrú ar bhonn míosúil ag Osgur agus Peadar  i dtithe tábhairne ar fud na cathrach ó shin (cé gur chuir an phaindéim isteach go mór ar imeachtaí na Pop Uipe).

Ach fógraíodh ar chainéil na himeachta ar na meáin shóisialta an mhí seo nach mbeidh an bheirt ag cur amach an “bat-signal do na Gaeil” a thuilleadh agus gur “leis an bpobal coincheap na Pop Uipe anois”. Ghlac an pobal go fonnmhar leis an gcoincheap a luaithe is a reáchtáladh an chéad oíche sin in 2016 – ní raibh sé i bhfad sula raibh imeachtaí dá leithéid á n-eagrú ag grúpaí cainteoirí Gaeilge in áiteacha eile in Éirinn, i Sasana, ar Mhór-Roinn na hEorpa, agus chomh fada i gcéin leis an Astráil agus áiteacha eile nach iad. Eagraíodh ‘Pup Up Gaeltacht’ do mhadraí i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath fiú.

Bhí Peadar agus Osgur an-oscailte leis an gcoincheap ón gcéad lá – níor cuireadh cosc ar dhuine ar bith an teideal a úsáid agus bhí siad an-sásta nuair a tháinig grúpa ó Brooklyn in New York i dteagmháil leo sular reáchtáladh an chéad Pop Up Gaeltacht in Éirinn agus iad ag iarraidh ceann a chur ar bun ar an taobh sin den Fharraige Mhór.

Ní fhágann fógra na beirte nach mbeidh aon Phop Up eile ar siúl i mBaile Átha Cliath arís. Bíonn oícheanta Pop Up Gaeltacht ar siúl i mbruachbhailte na cathrach go rialta, chomh maith le himeachtaí dá leithéid atá dírithe ar thuismitheoirí agus leanaí agus foghrúpaí eile.

 

SCÉALTA EILE