An scríbhneoir agus gníomhaí teanga Deasún Fennell ar shlí na fírinne

Tá an scríbhneoir agus gníomhaí teanga Deasún Fennell ar shlí na fírinne. Rugadh i mBéal Feirste sa mbliain 1929 é, agus bhásaigh sé sa bhaile, i gcomhluadar a chéile Miriam, i Mullach Íde i mBaile Átha Cliath inné, an 16 Iúil.

Chaith Deasún a shaol ag gníomhú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus bhí sé mar chuid de ghlúin gníomhaithe teanga a d’aistrigh siar go ceantair Ghaeltachta sna 1960idí agus 1970idí le cabhrú le caomhnú agus cothú na teanga ann. Ba in Iorras Aithneach a thóg sé a chlann.

Is iomaí alt, colún, paimfléad, leabhrán agus leabhar a scríobh sé i gcaitheamh a shaoil ar an iliomad ábhar – an pholaitíocht, an teangeolaíocht, an spioradáltacht, an taisteal, an stair, agus go leor eile nach iad.

Maireann a dheirfiúr Rosemary, a chlann Oisín, Cilian, Natasha, Sorcha, agus Kate, a mhac céile Ron, a iníon chéile Cathy, agus a gharchlann Sorcha, Jessica, Thal, Maya, Zach agus Anú.

SCÉALTA EILE