I mí Dheireadh Fómhair 2023, rinne cónaitheoirí i bPort an Dúnáin iarratas ar chomhartha dátheangach faoi choimirce pholasaí sráidainmneacha Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Chreag Abhann.
Cé gur chomhlíon siad critéir an pholasaí, chuir comhairleoirí aontachtacha moill ar an iarratas, arís agus arís eile. Iarradh comhairle dlí thar ceann na Comhairle agus tugadh seasamh do neamhchónaitheoirí seachtracha chun cur i gcoinne an ainmchláir úir. Sheas na cónaitheoirí an fód. Faoi dheireadh thiar thall, cuireadh an comhartha in airde i mí Aibreáin 2025. Pléim suntas an aighnis thíos.
Baineadh siar as cara Béarla liom ar na mallaibh nuair a chuala sé gur cuireadh an chéad chomhartha dátheangach oifigiúil i stair Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Chreag Abhann in airde ag Gairdíní Chois Coille i bPort an Dúnáin.
Cad chuige ar tharla sé sin i bPort an Dúnáin, a chéaduair, seachas ar an Lorgain?
Ba nod spraíúil an cheist sin don iomaíocht logánta chairdiúil idir an dá bhaile, ar thaobh amháin; agus don fhírinne shochpholaitiúil gur baile an Lorgain a bhfuil pobal mór Gaelach agus tromlach polaitiúil náisiúnach anois ann.
Os a choinne sin, is pobal mionlaigh iad Gaeil Phort an Dúnáin a bhfuil bun déanta thar a n-acmhainn acu leis na blianta fada.
Sa bhliain 1997, tháinig grúpa gníomhaithe teanga agus tuismitheoirí le chéile chun Naíscoil na Banna a bhunú i gclubtheach CLG Thír na nÓg; ansin, chaith siad tamall in Ionad Óige Naomh Muire gur bhog siad chuig an láithreán reatha in aice Bhunscoil Eoin Baiste in 2000. Bunaíodh an bhunscoil féin in 1998.
Is beag duine nach n-aithníonn an rath leanúnach atá ar an Ghaelscolaíocht sa cheantar ó shin. Tá thart ar 130 páiste ag fáil a gcuid scolaíochta trí mheán na Gaeilge i mbliana agus tá na céadta duine óg eile amuigh ansin ag déanamh dul chun cinn sa tsaol mar gheall ar an oideachas a fuair siad.
Tá roinnt de na daoine sin ag obair sna scoltacha nó ag cur a gcuid páistí féin chun na gaelscoile. Tá roinnt acu páirteach i gcoiste an-ghníomhach Gaeilge agus Cultúir CLG Thír na nÓg, nó tá siad gníomhach sa damhsa Ghaelach, sa cheol thraidisiúnta nó i bhfiontair phobail eile atá faoi bhláth ar Bhóthar Gharbh Achaidh (an G-Road mar a thugtar go ceanúil air).
Tá meon láidir gníomhaíochais sa phobal seo a bhfuil an Gaelachas lárnach ann.

Cad chuige a bhfuil an tírdhreach teanga tábhachtach?
Mar a bheadh freagra instinneach ar an timpeallacht thart orthu, aithníonn na daoine óga, na tuismitheoirí, na múinteoirí agus na gníomhaithe teanga sa cheantar an tábhacht a bhaineann le feiceálacht a dteanga. Tuigeann siad tionchar an tírdhreacha teanga (‘linguistic landscape’).
Nuair a bhítear ag caint ar an tírdhreach teanga, is iad na teangacha agus na foirmeacha teanga atá in úsáid agus le feiceáil sa tsochaí agus sa tsaol phoiblí atá i gceist. Is minic a dhéantar talamh slán de sheasamh teangacha ceannasacha sa tírdhreach teanga. Ní gá dúinn ach amharc thart orainn ar ghnáthlá go dtuigimis go bhfuil ceannas an Bhéarla dosheachanta anseo.
I gcás teangacha mionlaigh, áfach, tá iarracht chomhfhiosach de dhíobháil. Déanann pobail teanga mionlaigh feachtais ar son na feiceálachta ar roinnt cúiseanna. Amharcann daoine áirithe ar an chomharthaíocht mar uirlis chun an t-eisiamh stairiúil i leith na Gaeilge a shárú agus a chúiteamh. Is léir an méid sin sa chnuasach bheag cuimhní atá á mbailiú i bPort an Dúnáin leis an chéim chun tosaigh seo a chomóradh:
“Le bliantaí fada bhí an pobal seo faoi chois
inár mbaile féin ach níor ghéill muid.”
“No longer feeling like 2nd class citizens!”
Tá an t-aitheantas seo tábhachtach do na Gaeil áitiúla nó téann sé go cnámh na huillinne i leith a bhféiniúlachta féin agus a seasamh mar phobal sa cheantar. Ní hé go bhfuiltear ag iarraidh go gcaitear go fabhrach le pobal na Gaeilge, thar phobal ar bith eile, ach tá cothrom na Féinne ag teastáil de réir na riachtanas faoi leith atá ag pobal teanga mionlaigh.
Faoi réir comharthaíocht dhátheangach, is féidir feasacht a thógáil i leith na teanga mionlaigh. Ar an chéad dul síos, feidhmíonn sé sin laistigh den phobal mionteanga sa mhéid is go dtugann sí muinín dóibh go dtig leo a dteanga a úsáid agus a fheiceáil sa spás phoiblí. Chomh maith leis an aitheantas thuasluaite, tá taobh praiticiúil ag baint leis sin ó thaobh an tsealbhaithe teanga de. De réir mar a fhásann an Ghaelscolaíocht, cuir i gcás, tá an droichead le tógáil idir an seomra ranga agus an saol ceart amuigh – lena léiriú nach ábhar scoile amháin an teanga do lucht a foghlama.
Nach furasta sin a dhéanamh i sochaí a bhfuil an éagsúlacht teanga le sonrú inti?
Taobh amuigh den phobal teanga mionlaigh, fosta, tógtar feasacht i measc an mhórphobail go bhfuil pobal teanga eile ann. Tuigtear sa lá atá inniu ann cé chomh tábhachtach is atá creidimh (nó idé-eolaíochtaí teanga) sa tsochaí maidir le stádas, úsáid agus bainistiú teangacha. Ó tharla nach dtiteann an spéir anuas orainn de thoradh comharthaíocht dhátheangach, bímis ag dúil leis go n-imreofar tionchar dearfach san fhadtéarma ar an dioscúrsa fá fheiceálacht na Gaeilge. Ar an tséala sin, cuirfear le normalú na teanga sa spás phoiblí agus, tá súil agam, leis an chaoinfhulaingt agus leis an chomhthuiscint i leith na héagsúlachta teanga sa cheantar.

An Toil Pholaitiúil agus an Todhchaí
Tugann an tírdhreach teanga nod dúinn faoi na hidirchaidrimh idir leibhéil dhifriúla na sochaí. I ngan fhios dóibh féin, b’fhéidir, tá ról bainistithe teanga glactha chucu féin i gComhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Chreag Abhann. Tá sí freagrach anois as feiceálacht teangacha difriúla ar ainmphlátaí sráide mar gheall ar a polasaí. Is é is lú is gann di cloí lena forálacha féin.
Ar an drochuair, tá drochbhlas fágtha i mbéal roinnt Gael sa cheantar mar gheall ar chinntí agus fadálacht phróiseas na Comhairle go dtí seo. Ní miste a lua, cé gurb é seo an chéad chomhartha oifigiúil dátheangach atá curtha in airde sa cheantar, níorbh é an chéad iarratas é. Rinne cónaitheoirí iarratas ar shráid eile, Cnoc Chois Coille, i mí Mheán Fómhair 2022. Cé gur comhlíonadh na critéir ar fad atá sa pholasaí, diúltaíodh dó agus tá an t-ábhar anois os comhair na cúirte fá choinne athbhreithniú breithiúnach.
Dúirt duine de bhunadh na háite liom, an Comhairleoir Paul Duffy, fá fheiceálacht oifigiúil na Gaeilge sa cheantar agus fúthu siúd sa Chomhairle a chuireann i gcoinne na teanga go bhfuil sé “thar am dóibh cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí éagsúlachta a bhrath go grinn,” ag míniú dom gur minic a thug comhairleoirí áirithe an chluas bhodhar dó féin agus do dhaoine eile a bhí ag moladh cloí leis an pholasaí atá ann.
Tá an ceart ag Duffy. Tá na caidrimh idir pobail teangacha mionlaigh agus údaráis tábhachtach mar tá an dá dream gníomhach sa phróiseas a théann i bhfeidhm ar an tírdhreach teanga. Tá pobal na Gaeilge ag dul i méad sa cheantar, mar a léiríonn an daonáireamh dúinn, agus is mithid don Chomhairle sin a aithint agus a chothú. Ní mór fáil réitithe le moilleanna gan ghá agus próiseas ionraic a dheimhniú. Ar ndóigh, beidh an toil pholaitiúil lárnach chuige sin agus cá bhfios cén comhdhéanamh Comhairle a bheas ann amach anseo.
Nótaí:
- Tá Polasaí Ainmnithe agus Uimhrithe Sráide Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Chreag Abhann ar fáil anseo.
- Éilíonn an polasaí ar an iarratasóir achainí a bhailiú a sheasann do 33% de chónaitheoirí na sráide.
- Déanann an Chomhairle suirbhé oifigiúil ina dhiaidh sin a éilíonn aontú ó 66% de na cónaitheoirí.
- Más maith leat tuilleadh a léamh faoi choincheap an tírdhreacha teanga, moltar Gorter, D. agus Cenoz, J. (2024) The visibility of minority languages. Ar fáil: anseo.