‘Ar an drabhlás’ – an dara greamán ó Choiste na bhFocal Nua

Seoladh an dara greamán #GuerillaGaeilge inniu. An t-ábhar atá i gceist ann ná Ar an Drabhlás | On the Sesh. Is féidir greamáin #GuerillaGaeilge a cheannach anseo Gofundme €10 ar 32 greamán atá i gceist agus beidh an tsraith ar fad de cheithre chomhrá éagsúil ann.

Bhí go leor daoine an-tógtha leis an gcéad ghreamán a seoladh an lá cheana agus bhí sé ar an scéal ba mhó a roinneadh ar chuala.me agus an scéal ba mhó léamh ar NÓS féin. Bhain daoine sult as nathanna spraíúla dána éagsúla a léiríodh i gcomhrá samhaltach sa seomra leapa. 

Cé nach bhfuil ach líon beag den spriocmhéid bailithe go dtí seo ach tá súil ag an gCoiste go gceannóidh daoine greamáin “dá gcairde, le cur ina stocaí Nollag, nó le plé ag am dinnéir Lá Nollag lena dtuismitheoirí”. 

Tá an feachtas seo ag teacht sna sála ar fheachtas eile de chuid Choiste na bhFocal Nua #LearnOntheLoo cúpla bliain ó shin. #GuerillaGaeilge is ainm don iarracht seo uathu focail nua-aimseartha (agus dána) a scaipeadh ar líne agus amuigh sa domhan féin. An rud atá i gceist leis ná comhráite dátheangacha a phléann ábhair a sheachnaítear uaireanta agus an Ghaeilge á múineadh. Táthar ag súil go gceannóidh daoine iad le scaipeadh ina gceantar féin.