“As Gailísis, gan teorainneacha”

Bhailigh breis agus 25,000 duine as gach cearn den Ghailís in Santiago de Compostela inné chun a dtacaíocht a léiriú do theanga dhúchais na tíre.

Eagraithe ag an ghrúpa Gailísise Queremos Galego (‘Is breá linn an Ghailísis’) in éineacht le heagrais eile teanga agus chultúir, ba é téama an mhórshiúil ná “en galego sen límites”, is é sin gur mhian le daoine saol iomlán a chaitheamh trí mheán na Gailísise gan aon teorainneacha.

Roghnaíodh 17 Bealtaine don léirsiú mar gurb é Lá na Litríochta sa Ghailís, lá ar a ndéantar ceiliúradh ar stair scríofa na teanga a théann siar go dtí an 12ú Céad.

Faoi láthair labhraíonn thart ar 2.4 milliún duine an Ghailís, teanga Rómánsach atá gar don Phortaingéilis agus don Spáinnis, ach is fada an teanga faoi bhrú sa saol poiblí agus de bharr uileláithreacht na Spáinnise i stát na Spáinne.

“Ní rud breise í an Ghailísis dúinn ach rud riachtanach do phobal na Gailíse,” arsa Marcos Maceira ó Queremos Galego ón ardán inné.

Labhair réimse cainteoirí ó shaol polaitiúil, oideachais agus ealaíon na Gailíse faoin tábhacht a bhaineann lena dteanga agus faoin fhaillí atá á déanamh ag an rialtas, náisiúnta agus áitiúil, sa teanga.

Luaigh Maceira, in ainneoin na streachtailte síoraí, gur ábhar dóchais é líon na ndaoine a tháinig amach ar na sráideanna agus gur féidir le cumhacht na ndaoine sin staid na teanga a athrú chun feabhais.

Tagann léirsiú seo na gcainteoirí Gailísise 3 lá roimh An Lá Dearg i mBéal Feirste nuair a rachaidh cainteoirí Gaeilge i mbun mórshiúil ar son Acht Gaeilge don tuaisceart.

SCÉALTA EILE