Ba cheart cosaint speisialta a thabhairt don fhocal ‘Gaeltacht’

Bhí Twitter beo le tuairimíocht faoi chúrsaí Gaeilge an lá cheana agus an oiread sin drochthuairimí á léiriú ag daoine go raibh an focal ‘Gaeilge’ féin ag treochtaíl ar an suíomh ar feadh tamaillín. 

Tuairimí faoi mhúineadh na Gaeilge, foghlaim na Gaeilge, labhairt na Gaeilge, maoiniú na Gaeilge, agus cibé-cén-rud eile na Gaeilge a bhí a nochtadh go tiubh agus go tréan ar feadh an lae agus an deis á tapú ag cainteoirí Gaeilge agus daoine gan focal ina bpluc acu araon cúrsaí teanga na hÉireann a chur ina gceart, mar dhea.

Ar cheann de na hábhair a tháinig aníos go minic sa bplé, faoi chló amháin nó cló eile, ná ‘an Ghaeltacht’. Níor ghá ach leathnóiméad a chaitheamh ag scrolláil tríd na giolcacha inar luadh an focal ‘Gaeltacht’ le feiceáil gur lag an tuiscint atá i measc mhuintir na hÉireann – cainteoirí áirithe Gaeilge san áireamh – ar céard is ‘Gaeltacht’ ann. 

Ceantracha leochaileacha ina bhfuil an teanga á labhairt go laethúil mar theanga phobail leis na céadta blianta – sin í an Ghaeltacht. Ceantracha atá faoi mhíbhuntáiste is gá a chosaint, agus tobar na teanga is gá a chaomhnú agus ní hamháin sin ach a chur chun cinn freisin.

Tá stádas speisialta ag an nGaeltacht, agus go deimhin ag muintir na Gaeltachta, i scéal na teanga agus ina dán ach cuirtear an stádas agus an tábhacht sin i mbaol nuair a bhaintear mí-úsáid as an bhfocal i réimsí eile den saol. 

Ba mhaith liomsa go dtabharfaí cosaint sa dlí d’úsáid an fhocail ‘Gaeltacht’.

B’fhéidir go gceapfá nach bhféadfaí a leithéid a dhéanamh nó gur seafóideach an smaoineamh é ach táthar tar éis rud mar é a dhéanamh go minic i saol an bhia – sa tír seo agus thar lear. Irish grass fed beef, Achill Island sea salt, agus blaa Phort Láirge féin, cosnaítear na téarmaí sin faoi rialacháin éagsúla ar nós na Treorach Eorpaí maidir le Sonraí Geografacha. 

Sa mbliain 2015, b’éigean do lucht McDonald’s in Éirinn éirí as úsáid an téarma artisan le cur síos a dhéanamh ar an McMór, burgar dá gcuid nár tháinig le treoirlínte Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI). De réir na rialacha sin, ní féidir artisan (‘ceardaí’) a thabhairt ar tháirgí ach amháin orthu siúd a dhéanann ceardaithe oilte, trí phróiseas nach bhfuil go hiomlán meicnithe, agus ina mbaintear úsáid as bunábhar a aimsítear nó a fhástar go háitiúil. Ghlac Tigh Mhic D le rialú an FSAI agus ‘artisan’ ní fheicfidh tú ar bhiachlár dá gcuid feasta. 

Is dóigh gur i saol an fhíona a thugtar an chosaint is láidre do rudaí mar seo. Tá fíonta ann san Iodáil, mar shampla, ar gá iad a dhéanamh i gceantar ar leith agus as fíonchaora ar leith sula mbeidh cead ag comhlacht ainm ar leith a thabhairt orthu. Má bhíonn braon amháin sa mbuideál a fáisceadh as fíonchaor de chineál eile cuirtear an iarracht ó mhaith.

Ba chóir an chosaint chéanna a thabhairt don fhocal ‘Gaeltacht’ le nach ndéanfar brí an fhocail doiléir agus le go dtabharfaí aitheantas do stádas speisialta na gceantracha. Úsáidtear an focal ‘Gaeltacht’ le cur síos a dhéanamh ar chúrsaí teanga do dhaltaí scoile a reáchtáiltear taobh amuigh de cheantracha Gaeltachta; le margaíocht ghlic a dhéanamh ar ócáidí sóisialta i gcroílár na gcathracha móra; le hiarracht a dhéanamh comhionannú a dhéanamh idir ceantracha, i gcathracha den chuid is mó, nach bhfuil an Ghaeilge ina teanga phobail iontu le fada an lá ar mhaith leo stádas speisialta de chineál eicínt a éileamh lena n-aghaidh.

Sampla bog den chineál seo ruda ná an togra a thosaigh Conradh na Gaeilge an samhradh seo caite —  Gaeltacht X. I bhfad níos tromchúisí ná sin, áfach, a bhí an rud a rinne an Roinn Oideachais nuair a tugadh aitheantas oifigiúil do chúrsa ar líne do mhúinteoirí faoi oiliúint mar ‘thréimhse sa Ghaeltacht’. An ionann ‘an Ghaeltacht’ i súile an stáit, mar sin, agus seomra codlata ábhar oide i gContae Laoise?

Lagaíonn na hiarrachtaí seo uilig stádas na Gaeltachta mar cheantar speisialta i saol na Gaeilge. Eascraíonn míthuiscintí as mí-úsáid an fhocail a dhéanann dochar don Ghaeltacht féin – is minic a fheicim nó a chloisim plé ar na meáin Bhéarla agus fiú i measc polaiteoirí tofa ina bhfuil an dochar seo an-soiléir. Mura dtuigtear céard is Gaeltacht ann, ní thuigfear na fadhbanna atá inti ná na réitigh is gá a dhéanamh lena caomhnú agus a chur chun cinn. 

An mhí seo caite bhí sé ina mhíle murdar i gCorca Dhuibhne mar gheall ar ‘Pairceanna na Glas’ – an dtarlódh a leithéid dá dtuigfí i gceart céard is Gaeltacht ann? Samhlaíonn cuid mhaith de mhuintir na hÉireann ‘an Ghaeltacht’ le coláistí príobháideacha samhraidh a bhfreastalaíonn gasúir mheánaicmeacha as Baile Átha Cliath orthu den chuid is mó – an amhlaidh a bheadh dá dtuigfí i gceart céard is Gaeltacht ann? 

Gníomh ar son na Gaeltachta féin a bheadh i gcosaint a hainm.  

SCÉALTA EILE