Tá sé ráite ag an Aire Oideachais Norma Foley go mba cheart go mbeadh “meánscoil lán-Bhéarla amháin ar a laghad” i ngach ceantar Gaeltachta le go mbeadh “an rogha” ag tuismitheoirí Gaeltachta a bpáistí a oiliúint “i nGaeilge nó i mBéarla beag beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu”.
“Tá an rogha agus an éagsúlacht tábhachtach in Éirinn, go mór mór don aos óg agus is iomaí buntáiste atá ag baint leis an oideachas i mBéarla i saol an lae inniu. Léirítear arís agus arís eile i dtaighde gur bua é an dátheangachas agus cabhróidh scoileanna lán-Bhéarla sa Ghaeltacht le cainteoirí dúchais Gaeilge snas a chur ar a gcuid Béarla, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chabhair mhór acu ina saol gairmiúil amach anseo,” a dúirt an tAire Foley aréir.
Dúirt an tAire Foley go bhfuil súil aici go mbeidh scoil lán-Bhéarla amháin ar a laghad i ngach mórcheantar Gaeltachta faoi dheireadh na bliana 2027 agus go mbeidh “fógra mór maoinithe” le déanamh faoi dheireadh na scoilbhliana seo ina thaobh sin.
“Tá ceithre nó cúig mheánscoil lán-Ghaeilge i gcuid de na ceantracha Gaeltachta is mó sa tír agus tá oifigigh mo Roinne ag fiosrú na bhféidearthachtaí a bheadh ann ceann amháin de na scoileanna sin a iompú ina scoil lán-Bhéarla ar mhaithe leis an éagsúlacht agus an rogha oideachais. I gcásanna eile, níl ach an t-aon mheánscoil amháin i gceantar Gaeltachta agus tá an próiseas tosaithe anois scoil as an bpíosa a thógáil in áiteanna mar sin,” a dúirt sí.
Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh fhógra an Aire Oideachais agus iad den tuairim go léiríonn sé go dtuigeann Norma Foley “an tábhacht a bhaineann leis an ilteangachas in Éirinn”.
“Tá muid an-sásta go bhfuil tuiscint léirithe ag an Aire Foley ar an tábhacht a bhaineann leis an ilteangachas in Éirinn agus go gcaithfear an rogha a thabhairt do thuismitheoirí a bpáistí a chur chuig scoileanna a chuirfidh oiliúint agus oideachas orthu ina rogha teanga.
“Bhí níos mó ná 500 léirsitheoir, idir dhaltaí scoile, mhic léinn tríú leibhéal, mhúinteoirí, thuismitheoirí, ionadaithe ó cheardchumainn múinteoirí, ionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge agus eile lasmuigh de Theach Laighean an tseachtain seo agus iad ag éileamh polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais. Tá súil againn go leanfaidh an tAire Foley ar aghaidh leis an obair atá tosaithe anois aici roghanna níos fearr a thabhairt do thuismitheoirí ar mhaith leo a bpáistí a thógáil ina rogha teanga,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.