“Ba mhaith liom Acht Gaeilge don Nollaig!”


Tá beagnach bliain ann anois ó d’fhógair an tAire Pobal ó thuaidh, Paul Givan ón DUP, go mbeadh sé ag cur deireadh leis an mhaoiniú a bhí á fháil ag scéim sparánachtaí Gaeltachta Líofa.

Tarraingíodh an cinneadh siar i ndiaidh do Ghaeil an tuaiscirt gníomhú ar an cheist agus tá feachtas An Dream Dearg faoi sheol ó shin, ‘Acht Gaeilge!’ á éileamh go hard agus go soiléir acu ar na sráideanna, i gcruinnithe agus sna meáin.

Tá an t-éileamh céanna ar an liosta atá daltaí óga Ghaelscoil An Lonnáin i mBéal Feirste do Dhaidí na Nollag i mbliana, agus tá amhrán úrnua cumtha acu chun cur in iúl d’fhear na feasóige féin agus don domhan ar fad, polaiteoirí áitiúla ach go háirithe!

Faoi láthair tá an bhunscoil ar Bhóthar na bhFál ag troid in éadan na Roinne Oideachais ó thuaidh a chuir bac – nuair a bhí Peter Weir ón DUP i gceannas – ar aistriú na scoile chuig suíomh nua.

Thaobhaigh an Ard-Chúirt leis an scoil ó shin ach tá an Roinn Oideachais anois ag iarraidh cinneadh na cúirte a chur ar ceal.

Níl sé sin ag maolú spiorad na ndaltaí sa scoil, ná baol air, agus iad ag ceol in ard a gcinn don Nollaig!

SCÉALTA EILE