Baile buan an sprioc ag Na Gaeil Óga


Tá feachtas nua spreagúil tosaithe ag cumann CLG lán-Ghaeilge Bhaile Átha Cliath chun páirc bhuan a fhorbairt in iarthar na cathrach.

Ó bunaíodh Na Gaeil Óga cúig bliana ó shin tá fás as cuimse tar éis teacht ar an chumann ag a bhfuil breis agus 300 ball gníomhacha anois agus foirne peile, iomána agus camógaíochta.

Tá struchtúr faoi aois an chumainn bunaithe i gceantar Leamhcáin, le neart páistí ag teacht ó na Gaelscoileanna áitiúla, agus is ann ba mhian leo a mbaile buan nua a lonnú.

Measann an cumann go bhfuil €500,000 de dhíth chun an fhís a fhíorú agus tá siad ag iarraidh ar dhaoine tacú leo chun an sprioc uaillmhianach a bhaint amach taobh istigh de chúig bliana.

bailebuan

“Ar deireadh thiar is é clubtheach agus comhphobal Gaelach an sprioc mhór atá againn ach is í an chéad chéim den phróiseas ná páirc agus soilse, áis atá de dhíth go géar orainn,” arsa Eoin P. Ó Murchú, Cathaoirleach NGÓ.

“Tá pleananna ailtireachta deartha do chlubtheach agus do na háiseanna spóirt, ní theastaíonn anois ach cabhair an phobail.”

Tá Na Gaeil Óga ag moladh d’aon duine atá ag iarraidh cuidiú leis an fheachtas síntiús míosúil a ghlacadh leis an chumann, nó íocaíocht aon-uaire a dhéanamh leo a rachaidh i dtreo an chiste.

Níl aon amhras gur sprioc uaillmhianach í ach beidh an toradh deiridh ina lóchrann dóchais do Ghaeil ar fud na tíre mar sin breathnaígí ar an fhíseán thuas agus tacaígí leis an chúis iontach seo!

Tá breis eolais faoi na bealaí gur féidir cabhrú le fáil anseo.

SCÉALTA EILE