Tá Bailiúchán Náisiúnta Chonradh na Gaeilge á reáchtáil ag an eagraíocht teanga go fíorúil i mbliana – bailiúchán atá á dhéanamh acu ar Lá Fhéile Pádraig le breis agus céad bliain anuas. Cuireadh imeachtaí na Féile Pádraig ar ceal gan mórán fógra anuraidh agus fágadh an Conradh ar an trá fholamh.
Bhí muintir Shráid Fhearchair ullamh le haghaidh na féile i mbliana, áfach, agus tá an bailiúchán ar siúl acu ar líne. Níl le déanamh ag an té ar mhaith leis airgead a dheonú don Chonradh ach an focal ‘Gaeilge’ a théacsáil go 50300 le €4 a thabhairt. Gheobhaidh an eagraíocht teanga ar a laghad €3.60 den mhéid sin.
Dúirt Aodhán Ó Dea, Oifigeach Forbartha Chonradh na Gaeilge, gur “buille mór” atá ann don eagraíocht nach féidir leo a bheith amuigh ar na sráideanna ag imeachtaí Lá Fhéile Pádraig mar a bhíonn go hiondúil ach go gcabhróidh na síntiúis a dhéantar trí théacs go mór le hobair an Chonartha.
“Cabhróidh gach síntiús a thabharfar lenár bhfeachtais chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chosaint,” a dúirt sé.
Rachaidh an t-airgead a bhaileofar inniu i dtreo thograí éagsúla an Chonartha – obair óige, neartú na gcraobhacha ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain, eagrú féilte ar nós Sheachtain na Gaeilge, agus an fheachtasaíocht a dhéantar ar son na Gaeilge thuaidh agus theas.
Ba é Conradh na Gaeilge a thug Lá Fhéile Pádraig mar a aithnítear inniu é go hÉirinn ag tús an chéid seo caite. Mhol craobh Luimnigh na heagraíochta rún ag Ard-Fheis an Chonartha go n-aithneofaí an 17 Márta mar ‘fhéile náisiúnta’ agus bliain ina dhiaidh sin eagraíodh Seachtain na Gaeilge den chéad uair, timpeall Lá Fhéile Pádraig 1902.
An bhliain dar gcionn, 1903, ba é an mórshiúl an chéad imeacht de chuid Sheachtain na Gaeilge agus ghlac go leor grúpaí agus eagraíochtaí éagsúla páirt san ócáid. Feictear ar chlár na n-imeachtaí, atá ar fáil sa Leabharlann Náisiúnta, gur ocht rannóg ar fad a shiúil tríd an gcathair go Margadh na Feirme.
Tháinig borradh faoin gceiliúradh bliain i ndiaidh bliana, agus ar ndóigh, bhí imeacht mhór ag Óglaigh na hÉireann Lá Fhéile Pádraig 1916, cúpla seachtain roimh Éirí Amach na Cásca.
Bhí an chéad mhórsiúl “oigifiúil”, a raibh tacaíocht an stáit aige, ann in 1931 i mBaile Átha Cliath, agus tá an fhéile ag dul ó neart go neart ó shin.