Banaltraí le Breatnais

An fómhar seo, den chéad uair riamh, beidh mic léinn atá ag cur tús le céim altranais in Prifysgol Abertawe, Ollscoil Swansea, in ann riar maith den chúrsa a dhéanamh trí mheán na Breatnaise.

Seo an chéad bhliain atá an deis áirithe seo á tapú ag mic léinn atá ag gabháil do chúrsa altranais sa Bhreatain Bheag.

Is toradh é ar an fhás atá tagtha ar an scéim scoláireachtaí ollscoile, dar le Dafydd Trystan, ón eagraíocht Coleg Cymraeg Cenedlaethol, a reáchtálann an scéim.

Is é rialtas na Breataine Bige a bhunaigh Coleg Cymraeg Cenedlaethol thiar in 2011 le forbairt a dhéanamh ar sholáthar oideachais tríú leibhéal trí mheán na Breatnaise.

Mhínigh Dafydd do NÓS go bhfuil na scoláireachtaí dírithe ar dhaoine oilte dátheangacha a chothú in earnáil na sláinte go háirithe.

“Tá muid ag díriú go príomha ar ábhair a bhaineann le cúram sláinte, eolaíocht an spóirt agus eolaíocht sláinte, ábhair nach mbíodh ar fáil trí mheán na Breatnaise in ollscoileanna na tíre go traidisiúnta.

“Is é an aidhm atá ann daoine san earnáil cúram sláinte agus spóirt a spreagadh le go mbeidh dochtúirí, banaltraí agus eolaithe spóirt ar fáil a mbeidh scileanna dátheangacha úsáideacha acu,” ar sé.

Maidir lena leithéid de scéim in Éirinn, is é ceann de na fadhbanna a bheadh ann ná nach mbeadh go leor oideachasóirí le Gaeilge ar fáil ag an tríú leibhéal le go mbeadh dea-thoradh uirthi.

“Bhí an fhadhb sin againne,” a mhínigh Dafydd, “ach an rud a rinne an rialtas anseo ná maoiniú a chur ar fáil a bhí ina spreagadh ag daoine céimeanna dochtúireachta a dhéanamh trí mheán na Breatnaise sna hábhair a bhaineann le cúram sláinte.

“Mar thoradh air sin, tá léachtóirí i réimse ábhar againn anois a thug faoin dochtúireacht i mBreatnais,” ar sé.

Dúirt Dafydd go bhfuil siad ag obair chun “bun mar is ceart a chur faoin chóras le go mbeidh daoine oilte dátheangacha ag teacht fríd.”

Nurses

Beidh 200 scoláire nua ag cur tús le céimeanna éagsúla san fhómhar agus scoláireachtaí á mbronnadh orthu.

Ina measc, tá duine den bheirt mhac léinn altranais, Rhian Evans, a mbeidh scoláireacht £1,500 á bronnadh uirthi le linn na céime.

Creideann Rhian go bhfuil tábhacht ollmhór le húsáid na Breatnaise, go háirithe i suíomh cúram sláinte.

“Is fearr le hothair an Bhreatnais a úsáid, go háirithe más í a gcéad teanga í.”

Dúirt Rhian gur baineadh siar aisti nuair a mhothaigh sí a laghad Breatnaise a bhí á labhairt in ionaid chúram sláinte, in ainneoin cónaí a bheith uirthi i gceantar tuaithe in iarthar na Breataine Bige.

Spreagadh mór a bhí sa scoláireacht tabhairt faoin dúshlán cuid dá céim a dhéanamh i mBreatnais, a dúirt sí.

SCÉALTA EILE