Is beag spéis atá ag gníomhaithe teanga Mhanann cúrsa Manainnise a fhorbairt ar Duolingo. Tá dhá theanga Ghaelacha, an Ghaeilge agus an Ghàidhlig anois ar fáil ar an aip foghlama teanga is mó ar domhan, ach deir gníomhaithe móra teanga san oileán Gaelach nach fiú dóibh am a chaitheamh ag forbairt cúrsa Gaelg don ardán agus go bhfuil rudaí eile atá níos tábhachtaí le déanamh acu.
Ag labhairt dó ar Twitter dúirt Adrian Cain — Yn Greinneyder (Oifigeach Forbartha Manainnise) le Culture Vannin — go bhfuil acmhainní atá níos fearr ná Duolingo ar fáil d’fhoghlaimeoirí Manainnise cheana féin agus nach mbeadh an t-am ná na hacmhainní aige féin cabhrú le haon iarracht cúrsa Manainnise a chur ar fáil, mar gheall ar an mbrú atá air cheana féin ó thaobh oibre de.
Cheistigh sé fiúntas Duolingo mar áis foghlama teanga, agus d’admhaigh go raibh bua na bolscaireachta ag an gcomhlacht ach go raibh sé in amhras faoi luach na haipe do theanga ar nós na Gaelg.
Sorry, you can't compare #manx and #Gaidhlig regards resources and volunteers: different level. @shitduosays wins on PR but is it really the magic bullet? We are big fans of https://t.co/fH1Zz1Swap which is a fantastic on-line as is https://t.co/VDpsxvmdDt @glossika #gaelg
— Greinneyder (@greinneyder) November 27, 2019
Dúirt Adrian go dtaitníonn an clár foghlama ‘Say Something In’ go mór le lucht na Manainnise chomh maith leis an áis foghlama atá ar fáil ar an suíomh Glossika.com.
Bhí an Dr Custal Y Lewin, Manannach ilteangach agus gníomhaí teanga i Manainn, níos cáintí fós faoi Duolingo agus in amhras go mór faoi fhiúntas na haipe i gcomhthéacs na Manainnise. Dúirt sé go bhfuil “go leor acmhainní” ar fáil cheana féin do lucht foghlama na Manainnise ag an mbun- agus an meánleibhéal, agus cheistigh sé arbh fhiú “go leor ama agus fuinnimh” a chaitheamh ar chúrsa Gaelg ar Duolingo.
Dúirt sé go bhfuil acmhainní agus daoine gann i saol na Manainnise agus go gcaithfí machnamh a dhéanamh faoi na tosaíochtaí atá ag an ngluaiseacht faoi láthair agus faoin gcostas a bhainfeadh le cúrsa Gaelg a chruthú. Mhaígh sé gur thóg sé go leor leor fuinnimh agus ama an cúrsa Gàidhlig a chur le chéile agus go bhféadfaí gurbh fhearr go gcuirfí an fuinneamh agus an t-am sin isteach i bhforbairt acmhainní d’fhoghlaimeoirí Manainnise ag an ardleibhéal.
Tá Custal den tuairim go bhfuil i bhfad níos lú daoine ann ar mhaith leo an Mhanainnis a fhoghlaim ná mar atá i saol na Gàidhlig agus gur beag a bheadh aon fheachtas ar son an chúrsa Duolingo. Dúirt sé freisin gur cuma leis má mhúsclaítear spéis sa Manainnis thar lear trí chúrsa teanga ar Duolingo a fhorbairt agus gur mó i bhfad a chuid spéise i ndaoine atá ina gcónaí san oileán cheana féin.