Is beag tionchar a bhí ag feachtas de chuid Chonradh na Gaeilge, Lá na Meán Sóisialta, ar úsáid na Gaeilge ar Twitter an tseachtain seo caite. Bhí ócáid ar siúl Dé Céadaoin seo caite, 6 Márta, leis an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na meáin shóisialta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
Is beag tionchar a bhí ag an bhfeachtas sin i mbliana, áfach, ar líon na ngiolcacha Gaeilge a seoladh seachtain ó shin. Dar le staitisticí a chuir an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri ar fáil do NÓS, seoladh 1,640 giolc i nGaeilge Dé Céadaoin seo caite. Dúirt Kevin “nach bhfuil an uimhir sin as an ngnáth” do líon na ngiolcacha Gaeilge a sheoltar go laethúil, agus thug figiúirí eile don tseachtain chéanna.
Ba é an lá roimh ‘Lá na Meán Sóisialta’ an lá is mó a seoladh giolcacha Gaeilge an tseachtain seo caite — breis agus 1,830. Seoladh os cionn 1,820 giolc dhá lá i ndiaidh an fheachtais agus seoladh breis agus 1,660 giolc trí lá roimhe.
Ba iad na cuntais oifigiúla atá ag PEIG, Conradh na Gaeilge, agus Seachtain na Gaeilge na cuntais ba mhó a bhain úsáid as an haischlib #LNMS19 ar an lá, chomh maith le @ToghCon, @SeanMurchadha agus @Brianypaulbria1. Ar an iomlán seoladh tuairim is 450 giolc leis an haischlib oifigiúil rith an lae, agus an Ghaeilge ina bhformhór.
Anuraidh, seoladh os cionn trí oiread an ghnáthlín giolcacha i nGaeilge ar Lá na Meán Sóisialta. Seoladh breis agus 5,000 giolc le haischlib oifigiúil anuraidh agus na mílte eile i nGaeilge gan aon haischlib leo.
Iarrtar ar chainteoirí Gaeilge, agus ar an bpobal i gcoitinne, an cúpla focal a úsáid ar na meáin shóisialta agus cur le feiceálacht na Gaeilge ar líne ar Lá na Meán Sóisialta.
Seo an chéad bhliain nach raibh borradh faoi líon na ngiolcacha Gaeilge ar Lá na Meán Sóisialta. Ní eolas ar fáil faoi úsáid na Gaeilge ar ardáin eile ar nós Instagram agus Facebook, mar a rabhthas ag glacadh páirte sa bhfeachtas freisin.