Beirt Mheiriceánach gafa as an Spáinnis a labhairt ina a dtír féin

Tá an dlí á chur ag beirt Mheiriceánach ar ghníomhaire stáit a gabhadh iad mar gheall gur labhair siad an Spáinnis ina dtír féin.

Coinníodh beirt Mheiriceánach i siopa i Montana an bhliain seo caite mar gheall gur labhair siad a dteanga féin le chéile ann agus iad ag siopadóireacht. Bhí Ana Suda agus Martha Hernandez ag ceannach earraí ó shiopa grósaera i Havre, Montana nuair a tháinig gníomhaire de chuid na Stát Aontaithe isteach. 

Chuala an gníomhaire, Paul O’Neal, an bheirt bhan ag labhairt Spáinnise sa siopa, agus choinnigh sé ann iad agus cheistigh iad. Rinneadh an bheirt bhan taifead den chomhrá agus cloistear an gníomhaire stáit ag maíomh gur stop sé an bheirt acu toisc gur chuala sé an Spáinnis á labhairt acu “rud atá an neamhghnách thíos anseo [i Montana]”. 

Chuir na mná an físeán in airde ar na meáin shóisialta agus níorbh fhada gur spreag sé neart cainte faoi chur chuige an ghníomhaire, go mór mór i gcomhthéacs a dhéine is atá an tUachtarán Donald Trump faoin inimirce ar theorainn theas a thíre le Meicsiceo. 

Sa bhfíseán, feictear O’Neal agus é ina sheasamh ag a charr taobh amuigh den siopa. Iarrann Ana Suda air “a rá sa bhfíseán” an fáth ar iarr sé orthu cártaí céannachta a thaispeáint. Is ansin a deir O’Neal gur mar gheall ar a dteanga a stop sé iad, ráiteas a spreag Suda ceist an chiníochais a tharraingt aníos.

“Ní bhaineann sé leis sin ar chor ar bith, baineann leis an mbeirt agaibh a bheith ag labhairt na Spáinnise i siopa i stát ina bhfuil an Béarla in uachtar,” a dúirt sé. 

Níl Havre ach tuairim is 30km ón teorainn idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada, tír a bhfuil an Fhraincis ina teanga oifigiúil inti. Cé nach bhfeictear sa bhfíseán é, tuairiscítear gur tháinig ceannaire an ghníomhaire O’Neal ar an láthair, agus gur fhiafraigh na mná de an stopfaí iad dá mba í an Fhraincis a bheadh á labhairt acu. Tuairiscítear go ndúirt an ceannaire, nach n-ainmnítear, “ní stopfaí, ní dhéanann muid é sin”. 

Maíonn an bheirt bhan nach raibh údar ar bith ag O’Neal iad a choinneáil agus gur sáraíodh a gcearta cosanta faoin dlí. Tá cás á thabhairt anois acu ina aghaidh, agus cúnamh á fháil acu ó Aontas na Saoirsí Sibhialta. 

Táthar ag súil go rialófar nach féidir duine a stopadh mar gheall ar an teanga atá á labhairt aige mura sonraítear i dtuairisc faoi dhuine atá á lorg ag na seirbhísí póilíneachta go bhfuil an teanga sin ag an duine sin. Táthar ag iarraidh freisin go rialóidh an chúirt nach leor teanga ná cine duine le a bheith in amhras faoi. 

Is saoránaigh Mheiriceánacha iad an bheirt bhan agus tá siad ina gcónaí, agus ag obair, in Havre le tamall de bhlianta anuas. Rugadh Suda in El Paso in Texas agus rugadh Hernandez in El Centro in California. 

SCÉALTA EILE